'Lúb ar lár sa Bhille Gaeltachta' - Coimisinéir Teanga

NÍ BHEIDH feidhm mar is ceart le Bille nua na Gaeltachta muna gcuirfear dualgas reachtúil ar eagrais stáit a ngnó a dhéanamh …

NÍ BHEIDH feidhm mar is ceart le Bille nua na Gaeltachta muna gcuirfear dualgas reachtúil ar eagrais stáit a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, a dúirt an Coimisinéir Teanga leis an gcolún seo inné, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

“Bheadh lúb ar lár an-suntasach i bhfeidhmiú an Bhille nua Gaeltachta mura gcinntítear comhthreomhar leis go gcuirfeadh na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgais reachtúla ar eagrais stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Léirigh Ó Cuirreáin imní chomh maith faoin dearcadh ar an mBille atá léirithe go dtí seo ag an bpobal ar a bhfuil an reachtaíocht nua dírithe: “Ní cosúil go bhfuil an fháilte atá á chur roimh an mBille nua go dtí seo ag baint aon mhacalla as cnoic agus beanna na Gaeltachta agus is cúis imní é sin mar nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.”

Leagann an Bille Gaeltachta cuid mhaith den dualgas maidir leis an bpleanáil teanga ar phobal na Gaeltachta féin, ach dúirt Ó Cuirreáin gur “díchéillí” an cur chuige sin fad is a bhí ag teip ar an Stát féin seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht.

READ MORE

“Ní féidir a bheith ag súil go rachadh na pobail Ghaeltachta i mbun na pleanála teanga le díograis agus le muinín má tá doiléire nó éiginnteacht le brath i seasamh an Stáit féin i leith a stádais mar phobail theanga.

“Nach mbeadh sé díchéillí ag an Stát a bheith ag rá leis na pobail Ghaeltachta sin a bheadh ag cur pleananna teanga chun cinn – Labhraígí Gaeilge le chéile, ach ná labhraígí linne í?” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuirreáin nárbh “i lámha an phobail amháin” a bhí cinniúint na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht: “Gan an tacaíocht sin ó institiúidí an Stáit, a imríonn tionchar chomh mór sin ar gach gné de shaol an duine aonair, an teaghlaigh agus an phobail, beidh sé thar acmhainn na bpobal Gaeltachta an Ghaeilge a shlánú mar theanga bheo phobail, dá dhúthrachtaí iad iarrachtaí na bpobal sin.”

Dúirt sé gur luigh sé le ciall go gcaithfeadh an Stát a chinntiú go mbeadh Gaeilge ag a chuid oifigeach sa Ghaeltacht má bhí an Stát céanna chun “cuid mhór den ualach a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht a chur ar phobail áitiúla”.

Chaithfí a chinntiú, a dúirt sé, go mbeadh líofacht i nGaeilge mar bhunriachtanas sa Ghaeltacht ag gardaí, oifigí cánach, cigirí talmhaíochta agus iascaigh, oifigí leasa shóisialaigh agus sláinte, institiúidí agus údaráis oideachais agus baill foirne na n-údarás áitiúil.

Bhí gá le “foráil láidir reachtúil le déileáil leis an ábhar seo agus le léiriú do phobal na Gaeltachta go raibh an Stát lándáiríre faoina raibh beartaithe aige don teanga sa Ghaeltacht”.

Beidh Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, sa Seanad arís tráthnóna inniu agus amárach leis an mBille a phlé. Tá os cionn 160 leasú ar an reachtaíocht molta go dtí seo.

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbun athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith faoi láthair.

Mar chuid den phróiseas sin, dúirt Ó Cuirreáin go raibh gá le hatheagar agus pleanáil le cinntiú gur daoine a bheadh iomlán inniúil sa Ghaeilge a bheadh ag obair ag comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht nó in oifigí comhlachtaí poiblí a bheadh ag déileáil le pobal na Gaeltachta.

Tháinig sé chun solais i dtuarascáil bhliantúil an choimisinéara gur theip ar údaráis an Gharda Síochána cloí leis an dlí nuair nach bhféadfadh ochtar as naonúr gardaí a cuireadh ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times