Lá breithe shona, a Mhilly Bloom

Beocheist: Maidir leis an gceist cé acu ar ceiliúradh breithlá Joyce nó breithlá Bloom atá ann, nílimid róchinnte ach ceist …

Beocheist: Maidir leis an gceist cé acu ar ceiliúradh breithlá Joyce nó breithlá Bloom atá ann, nílimid róchinnte ach ceist í nach bhfuil fúinn a fhreagairt, cuid den téacs atá ar fheachtas fógraíochta Rejoyce ag stadanna bus agus traenach ar fud na cathrach.

Amárach comóradh céid an lá ar a dtugtar anois Bloomsday. Leathchéad bliain ó shin a rinneadh an lá a chomóradh i dtosach nuair a thug grúpa beag scríbhneoirí faoi thuras an leabhair Ulysses.

Is cosúla, i saol Joyce, le lá pósadh ná le breithlá, an chéad lá a shiúil sé amach lena bhean Nora.

Mar sin féin, tá scríofa ag Charles Lamb go bhfúil dhá bhreithlá ar a laghad againn.

READ MORE

Oíche Chinn Bliana a bhí mar ábhar aige, ach dóibh siúd a bhfuil páirtí acu, pé acu a dhéanann siad ceiliúradh air nó nach ndéanann, ní foláir nó go dtosaíonn ré nua ina saol nuair a chastar ar a chéile iad.

Ar an gcaoi sin, bhí an séú lá dhéag de mhí an Mheithimh 1904 ar cheann de bhreithlaethanta Joyce agus rinne sé ceiliúradh buan air nuair a rinne sé de ábhar a leabhair Ulysses.

I mo mhac léinn, bliain comóradh céid Joyce, ar mo bhealach chun post samhraidh san Eilvéis, ceann scríbe Joyce agus Nora nuair a d'fhágadar an tír i 1904, rinne mé stopadh lae i Londain agus i bPáras, mar a bhí déanta ag an lánúin.

I bPáras cheannaigh mé cóip de Ulysses i siopa leabhar Shakespeare & Company, ach dúradh liom ina dhiaidh sin nárbh í seo an áit chéanna ar cuireadh an chéad chóip i gcló.

"Paris, Bloomsday 1982" a scríobhas air, 22 bliain ó shin, an méid blianta idir an uair a rugadh Joyce agus an uair a casadh Nora air.

An dá bhreithlá.

Bhí an oiread sin ceana ag Joyce ar a fhíorbhreithlá gur chinntigh sé go bhfoilseofaí a dhá úrscéal ar an dara lá Feabhra, Portrait of the Artist as a Young Man sa bhliain 1914 agus Ulysses sa bhliain 1922.

Gach maidin ar a sé thagadh feirmeoirí Eilvéiseacha lena soithí bainne chun an tí a raibh mé ag obair ann.

Bhí mé ag súil go gcuirfinn le mo chuid Gearmáinise ach, ina dteanga féin, thugadar "an cailín Gearmánach" mar ainm ormsa.

Gach lá um nóin chuireadh fear an tí dhá rotha móra cáise sa stór. Bheadh tráthnóntaí an tsamhraidh agam le Ulysses a léamh.

Níor bhain mé aon cheart as an chéad dá chaibidil, fir óga agus buachaillí scoile agus a gcuid cainte íoróineach ar nós lucht díospóireachta an choláiste.

Thug mé cuairt tráthnóna amháin ar Zurich agus bhreathnaíos ar theach ar chónaigh muintir Joyce ann ach d'fhág mé Ulysses ar leataobh agus thosaigh mé ag léamh leabhair eile.

Ar mhaithe le mo choinsias léigh mé eipic eile, The Táin le Kinsella, ar mhaithe le mo chuid Gearmáinise, Tod in Venedig agus ar deireadh, ar mhaithe liom féin The Catcher in the Rye.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, agus leabhairín beag Here Comes Everybody le Anthony Burgess agus leabhar mór Ellman mar chompánaigh agam, léigh mé Ulysses ina iomláine.

Ní deirim ó thús go deireadh mar ní mar sin a thug mé faoi. Thug mé tús áite do na mná agus is iad Penelope (Insíonn Molly a scéal), Calypso (Bricfeasta Tí Bhloom) agus Nausicaa (Gerty agus Bloom cois Trá) is túisce a léigh mé.

Mar chríoch, shásaigh Ithaca (Stephen agus Bloom sa Chistin) luí agam le cineál áirithe cruinnis, le liostaí agus le cúrsaí baile!

I bhfad siar i m'óige a bhí mo sheal san Eilvéis faoin am seo, ach ar fheiceáil an cuckoo, cuckoo, cuckoo i Nausicaa, tháinig an tír sin chun cuimhne arís agus lá saoire cois locha - féile áitiúil, tine ealaíne sa spéir agus Iúdach meánaosta a rinne comhrá fada liom.

Iníon aige a bhí roinnt blianta níos óige ná mé a labhair liom freisin - Milly Bloom agus Gerty Macdowell ag labhairt faoi Vivaldi! or was that only possible which came to pass?

Maidir leis an gceist cé leis an breithlá? Inniu breithlá Milly Bloom.

Fifteen yesterday, curious fifteenth of the month too.

Ní foláir nó go bhfuil na scórtha cailíní ar comhaois léi arbh fhearr leo bheith ag obair i siopa grianghrafadóireachta inniu ná ina suí i halla scrúdaithe don Teastas Sóisearach.

Go n-éirí libh agus lá breithe shona daoibh.