Is ait an mac...

Crobhingne: Shíl mé tosnú le cliché óir is é is cliché an t-uachtar atá dulta reoite

Crobhingne: Shíl mé tosnú le cliché óir is é is cliché an t-uachtar atá dulta reoite. Is ait an mac an saol, agus is aite fós an iníon an saol, an té nach dtuigfeadh é. Saol é seo inarb iad na tíortha is airde glam ar son na síochána a dhíolann formhór d'airm an bháis.

Is iad na gnóluchtaí is fearr a dheineann an dochar is mó don domhan. Is iad is mó a mharaíonn daoine is lú a chiontaítear.

I ndomhan seo na saoirse tá rogha idir an rud seo agus an rud céanna.

I ndomhan seo an bhráithreachais is é an bráthair an ríomhaire.

READ MORE

I ndomhan seo an dul chun cinn ní féidir leis an gcearc siúl, ní áirím eitilt.

Sa seansaol riamh b'é an seanfhocal an nath a bhí acu le gaois an tsaoil a chuimsiú in aon chnó beag amháin. B'ionann "Is ait an mac an saol" agus nach bhfeadair aon duine againn cad tá ar siúl. B'ionann "Is iomaí cor atá sa dlí" agus go ndéanann abhcóidí agus aturnaetha agus dá mbaineann leo na múrtha airgid. B'ionann "Ní hionann a dhul chuig an mbaile mór is a fhágáil" foireann iomána na Gaillimhe teacht go Páirc an Chrócaigh agus filleadh go folamh - arís. Eile.

Bhí tráth ann nuair a dhéantaí scríbhneoireacht agus aistí na Gaeilge a stupadh le seanfhocail, amhail is gurbh ionann na focail agus an ghaois a cheannach. Ach os fearr leathbhuilín a bheith agat ná a bheith gan arán ní móide gur féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga dá fheabhas is a mholtar iad is a thagaid.

Is í an deacracht ná nach féidir leis an seanfhocal, an ghaoismhuinteartha dheas, a choimeád ar aon chomhrian leis an saol nua. Níl aon mheas ar an nuafhocal. Níl aon sean ná nuafhocail againn a cheanglóidh an cócó leis an gcola, nó a bhainfidh an húla den húp. Níl aon rá againn adeir go bhfuil na pictiúir ar an raidió níos daite ná na cinn ar an teilifís.

Cá bhfuil an ghaois ghonta a déarfaidh leat gur shíl muintir na hÉigipte san 19ú haois gurbh iad na Sasanaigh agus na Francaigh a thóg na pirimidí, agus gur deise an Teamhair a bheith faoi choincréit ná ina féar? Cá bhfuil an ghaois a cheanglóidh le chéile tuairim an ollaimh a mhaígh go raibh sé i ndán do na daoine gorma a bheith primitíveach de bharr an achair ghairid idir poll a a n-imleacán agus a ngabhal, agus an smaoineamh coitianta gurb iad muintir na Nigéire abhus is mó atá sáite i ngach aon tsaghas coirpeachta? Cé a chuirfidh le chéile nach dtuigeann lucht cumarsáide Dia, agus gur lú ná sin a thuigeann Dia an cine daonna?

B'fhéidir gur mistéir eile atá uainn, focail nach mó nach dtuigimid ach ar éigean. Seanfhocail nua a dhéanfaidh roithleán den mheabhair agus an t-ingearán a ghabhann in airde de ghnáth timpeall agus síos agus ar ais. Tá go leor díobh cheana ann ar fud an tsaoil ach breith orthu agus iad a chur chun fóinte.

"Nuair nach n-oibríonn an cloigeann, fulangaíonn na cosa," adeir na Rúmánaigh, agus is dócha go sábháilfeadh an seanrá sin mórán staidéir ar an gcóras oideachais agus sóisialta abhus. Agus ós rud é gurb é seo bliain an mhadra ag na Sínigh is fiú a lua go ndeir siad gur cheart ainm álainn a thabhairt don ghadhar ar dtús agus ansin é a ithe. B'fhéidir gur foláireamh é sin do na breallsúin ar dóigh leo gur margadh atá sa tSín, seachas daoine.

Ní go rómhaith a thuigim cad is brí leis an nath úd ag na hArabaigh sa ghaineamhlach gur fearr glagarnach an chamaill ná paidreacha an éisc, ach tá cuma na mórthuisceana air. Braithim go mbaineann sé le próiséas na síochána sa Mheán-Oirthear, ach tá sin féin ar nós gur geall le scéal maith, gan drochscéal.

Saol droim ar ais, agus tóin thar ceann atá á chaitheamh. Mar a bhí riamh.

Dlíthe in aghaidh na ndrugaí á gcur i bhfeidhm, mar dhea, ar fud na cruinne. Ach tál cánacha na ndrugaí céanna mar thaca le gach pobal riamh; drugabharúin shaibhre ina n-eiseamláir den saormhargadh nualiobrálach - dlí an aonaigh á leanúint acu siar go dúid.

Is fíor go bhfuil an margadh go maith dóibh siúd a dhíolann na hairm, ach an bhfuil an tuairim chéanna acu siúd a maraíodh? Cé a chum an nath - gan aon phioc íoróine - "tá sé chomh hálainn le pleaistic"?

Ní maith liom an focal treibh a úsáid i gcás náisiún na hAfraice, ach tá curtha síos don 'treibh' Iumaí-Iumaí go bhfuil ráite acu gurb annamh don té a dheineann gabhar a ní í a chrú freisin.

B'fhéidir gurb shin a bhfuil ann sa saol sa slánchruinne.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar