Instealladh fiontraiochta don ollscolaiocht

Le bunú Fiontar deich mbliana ó shin, cuireadh anam nua in ollscolaíocht na Gaeilge

Le bunú Fiontar deich mbliana ó shin, cuireadh anam nua in ollscolaíocht na Gaeilge. Ach i gcaitheamh an ama sin níor léiríodh aon toil pholaitiúil chun bonn réadúil a chur faoi mhaoiniú tionscnamh ardoideachais trí Ghaeilge, a scríobhann Caoilfhionn Nic Pháidín

Ceapadh ar a seal coistí agus grúpaí idirghníomhaireachta, iarradh aighneachtaí, tháinig comhairleoirí ar cuairt, agus fós níor fógraíodh cinneadh ná clabhsúr. Tá dhá roinn Stáit agus trí fhoras Stáit eile ar a laghad a mbaineann an cúram leo ó thaobh oideachais, teanga agus Gaeltachta. Ní sainchúram lárnach é, áfach, ar dhream ar bith díobh.

Níl ach scéim amháin ag an Stát a thugann tacaíocht faoi leith do sholáthróirí cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge - Scéim na Spriocthionscnamh ag an HEA. Luann an glaoch reatha ar iarratais nach bhfáilteofar i mbliana roimh aon bheartais nua i réimse na Gaeilge, cé go ndeirtear go bhfuil seans go mbeidh roinnt tacaíochta ar fáil do ghníomhaíochtaí atá leanúnach. Maoinítear gníomhaíochtaí ar nós na nOifigeach Gaeilge sna hollscoileanna as an gciste seo, agus seirbhísí eile a mbeidh géarghá leo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá cuid mhór pléite agus foilsithe le déanaí ar an gcomhthéacs Gaeilge agus Gaeltachta, a thaispeánann go ríshoiléir na heasnaimh agus na deiseanna atá ann. Tá géarghá le smaointeoireacht nua atá cruthaitheach, fiontraíoch, agus praiticiúil sa chúngrach acmhainní atá chugainn. Léiriú beacht is ea cás Ghaoth Dobhair ar phoist déantúsaíochta ag imeacht ina ngal soip.

READ MORE

Más mall féin is mithid an t-athrú béime nuafhógraithe ag Údarás na Gaeltachta i dtreo fiontar beag ardoilte san earnáil seirbhísí teanga. Tá breis is bliain ann anois ó chríochnaigh Coimisiún na Gaeltachta a chuid oibre, agus ba thrua, cheal ama tráth toghcháin, nach raibh deis sa tuarascáil léarscáil bóthair níos sainiúla a bhreacadh do chothú na fiontraíochta do shochaí ardoilte saineolais.

Leanfaidh deiseanna agus dúshláin mhóra Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus beartas fíorthábhachtach eile is ea tionscnamh an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge. Tá rath agus éifeacht na mbeartas seo nasctha go dlúth, áfach, le hacmhainn institiúidí tríú leibhéal chun freagairt go héifeachtach solúbtha do na fíor-riachtanais ghanntanas scileanna in earnáil na Gaeilge.

Gan trácht ar an múinteoireacht agus na meáin chumarsáide, tá ganntanas riarthóirí, aistritheoirí, agus taighdeoirí atá inniúil ar fheidhmiú trí Ghaeilge ar comhleibhéal lena macasamhla i mBéarla. Bagairt amháin ina leith seo is ea ranna Gaeilge in ollscoileanna traidisiúnta a leagann an phríomhbhéim i gcónaí ar léann na teanga stairiúla.

Ar an láimh eile tá sé riachtanach go ndéanfadh na hionaid nua ardteicneolaíochta atá ag feidhmiú trí Ghaeilge, go háirithe ar leibhéal iarchéime, cúram cáiréiseach de chothú chultúr taighde i measc na foirne acadúla.

Tá sé seo bunriachtanach chun ardchaighdeán léinn a dheimhniú sna cláir, i réimsí feidhmeacha ar nós na meán cumarsáide, teicneolaíocht na faisnéise agus an aistriúcháin.

Is é an teagasc an gad is gaire don scornach i gcónaí ach ní leor ionaid a fhorbairt mar aonaid seirbhíse teagaisc amháin, má tá siad le teacht in inmhe agus an infheistíocht a mhealladh atá ag teastáil chun mórthionscnaimh téarmaíochta, foclóireachta, sochtheangeolaíochta, agus cianfhoghlama a fhorbairt mar ba mhian linn faoi stiúir Éireannach.

Rinne an ghlúin romhainn a gcion féin chun clár nuálaíoch a thiomáint chun cinn, nuair a dheimhnigh leithéidí Thomáis de Bhaldraithe agus Sheáin Uí Thuama go saothrófaí as an nua litríocht agus canúintí na Nua-Ghaeilge mar bhrainsí measúla léinn, go bhfoilseofaí saothair taighde trí mheán na Gaeilge, go mbeadh an Ghaeilge féin mar theanga oibre i ranna ollscoile, agus go ndéanfaí cúram de shaothrú na foclóireachta.

Is géar a theastódh rian den nuálaíocht smaointeoireachta uainn inniu, go ndéanfaimis forbairt ar an nGaeilge i dtéarmaí ollscolaíochta ar mhacasamhail a bhfuil déanta don cheol ag bunú Ionad Cheol Cruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh.

Is trí dhioscúrsa acadúil in ollscoileanna a aimsítear coincheapa úra agus a thógtar samhlacha nua teoirice agus anailíse d'fheidhmiúcháin phraiticiúla an lae amáraigh.

Ní airgead amháin a theastaíonn chun ollscolaíocht na Gaeilge a fhorbairt. Ceist meoin agus cur chuige freisin í. Tá fiontraíocht mheoin agus samhlacha nua oibre ag teastáil, páirtnéireachtaí a mheallfaidh acmhainní lasmuigh den Stát seo chun cláir taighde, oiliúna agus acmhainní leictreonacha teanga a fhorbairt.

Tá forleathnú na hEorpa ar an tairseach againn. Luachanna bunaidh san fhorleathnú agus sna cláir mhaoinithe a bheidh á dhaingniú sin is ea an éagsúlacht mar acmhainn agus an caipiteal cultúrtha.

Agus Éire ar cheann de na tíortha saibhre san Eoraip nua, beidh orainn aibíocht a léiriú agus ár gcaidreamh lenár gcomharsana a shainiú as an nua, seachas an béal bocht mar ba dhual dúinn tráth.

Tá páirtnéireachtaí go mór i réim. Tá géarghá le comhthionscnaimh idir ollscoileanna, in Éirinn agus thar lear; idir ollscoileanna agus forais Stáit, iadsan a bhfuil cúram na teanga orthu agus cúraimí forbartha Gaeltachta; gan trácht ar chomhpháirtíochtaí rathúla le heagrais phobail agus fiontair ghnó.

Tá páirtnéireachtaí mar sin tar éis forbairtí infrastruchtúrtha a thabhairt i gcrích i dtíortha eile, agus in Éirinn féin i réimsí eile. D'fhéadfadh a leithéid réiteach a aimsiú ar dhúshláin infrastruchtúrtha na Gaeltachta féin, soláthar banda leathain i bpobail scoite san áireamh.

Dar le Skilbeck (2001), údar an phríomhdhoiciméad polasaí san ardoideachas, a choimisiúnaigh an HEA, tá dualgas ar ollscoileanna an lae inniu ceannródaíocht a thaispeáint ar mhórscála, agus gan maireachtáil beag beann ar riachtanais agus ar dheiseanna forbartha mórthimpeall orthu.

Tá nithe áirithe ag teastáil chun bogadh ar aghaidh. Is gá samhail maoinithe a cheapadh a thugann aitheantas don aonadchostas níos airde a bhaineann le soláthar ardoideachais trí mhionteanga, mar gheall ar ranganna níos lú agus tacaíocht bhreise teanga. Is gá freisin tacú go praiticiúil le rogha phearsanta na mac léinn a ghabhann leis.

Ciallaíonn sé sin rannpháirtithe atá á n-earcú ó scoileanna Béarla agus ó Thuaisceart Éireann a chur san áireamh sna scéimeanna scoláireachta den chéad uair, mar is géire fós a theastaíonn tiomantas agus díograis phearsanta uathusan.

Is gá acmhainní a dhíriú freisin ar fheachtais mhargaíochta don earnáil trí chéile, agus ar sholáthar áiseanna taca don teagasc agus don fhoghlaim. Beidh ceannaireacht pholaitiúil ag teastáil chun é sin a bhaint amach sa chóras maoinithe.

Is léir anois go mbeidh ar na hollscoileanna féin tionscnaíocht a léiriú ina gcuid mianta forbartha. Beidh tionscnaimh taighde agus oiliúna le breisluach fhollasach don teanga agus don phobal le forbairt agus foinsí maoinithe le haimisú ar bhonn leathan trí pháirtnéireachtaí rathúla idirnáisiúnta.

Ní mór díriú go beacht ar chláir léinn a fhorbairt ar bhonn idirdhisciplíneach a fhónfaidh d'fhíor-riachtanais mhargadh ardscileanna na Gaeilge. Agus ní mór freagracht a ghlacadh as breisluach a chur le hacmhainn phoiblí na teanga beo trí thionscnaimh taighde.

Tá margadh na hollscolaíochta Gaeilge scáinte scaipthe. Léiríonn figiúirí an Daonáirimh 2002 nach móide go bhfeicfear lenár linn daonra sách dlúth don chineál tionscnaimh cianoideachais atá forbartha sa Chatalóin. Bheadh deiseanna fiontraíochta ann, áfach, chun acmhainní leictreonacha a fhorbairt ar líne do theagasc na Gaeilge féin dá ndéanfaí dearadh ar chúrsaí ardchaighdeáin don mhargadh domhanda seo.

I gcásanna eile bheadh tacaíocht ar líne ina cúnamh ag mic léinn scaipthe agus ag pobail bheaga agus laghdódh sé an tarraingt shíoraí ar sheomraí ranga.

Ó bunaíodh Fiontar, is léir nach ualach breise ach acmhainn forbartha dáchuid céimithe a gcuid staidéir a dhéanamh trí Ghaeilge. Fiú má shamhlaímid uaireanta go dtéann scaipeadh na mionéan ar chuid acu, cuirtear go mór le hacmhainn na Gaeilge féin trí na tionscnaimh ardoideachais sna réimsí ardteicneolaíochta agus fiontraíochta.

Is é a theastaíonn anois, forbairt straitéiseach ar an earnáil, bonn dealraitheach acmhainní, comhpháirtíochtaí rathúla agus ruainne samhlaíochta.

Stiúrthóir Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, is ea Caoilfhionn Nic Pháidín, agus ball de Choimisiún na Gaeltachta 2000-02.