Haiku thiar

Beidh an fhéile bhliantúil filíochta, Samhain, ar siúl i nGort an Choirce, Co Dhún na nGall, idir an Aoine 27ú agus an Domhnach…

Beidh an fhéile bhliantúil filíochta, Samhain, ar siúl i nGort an Choirce, Co Dhún na nGall, idir an Aoine 27ú agus an Domhnach 29ú, Deireadh Fómhair.

Beidh an World Haiku Festival ar siúl mar chuid d'imeachtaí na bliana. Foirm ar leith filíochta de chuid an Seapáine é an haiku. Beidh duais €6,000 ag dul don haiku is fearr, an duais is mó ar domhan do dhán haiku. Is iad Cathal Ó Searcaigh agus Gabriel Rosenstock moltóirí an chomórtais.

Le cois an chomórtais féin, bheadh ceardlanna ar haiku agus renku, foirm eile filíochta de chuid na Seapáine.

Eolas: info@samhainpoetry.com