Gradam shotal na bliana

BEOCHEIST: MÁ BHÍONN tú chun rud poiblí náireach a dhéanamh, is maith an cleas d’ainm a athrú ar dtús

BEOCHEIST:MÁ BHÍONN tú chun rud poiblí náireach a dhéanamh, is maith an cleas d'ainm a athrú ar dtús. Go háirithe má tá tú chun an chiall a chur ar a chloigeann in ainm pingin nó dhó a bhaint as daoine a bhíonn faoi bhrú cheana.

Sa gcomórtas chun muintir na hÉireann a lomadh, tá caighdeán ard nua leagtha síos ag an gcomhlacht Electric Ireland.

Cad is Electric Ireland ann? Bhuel, cad eile ach seanchara na nglúnta, an comhlacht a léiríodh é féin ar fhógraí teilifíse mar uncail ceanúil achan teaghlaigh in Éirinn – an ESB nó Bord Soláthair an Leictreachais mar a bhíodh ann.

Beidh cuimhne mhaith ag daoine ar na fógraí sin a thaispeánaíodh tithe na tuaithe geal le solas agus teolaí le teas do na himircigh óga a bhíodh ag teacht abhaile buíochas leis an Uncail lách BSL.

READ MORE

Díreach roimh an Nollaig rinneadh an BSL a “athbhrandáil”, focal lucht cumarsáide ar chomhlacht a chur i bhfolach taobh thiar d’ainm agus d’íomhá níos nua-aimseartha.

Smaointigh ar “Sellafield” an t-ainm a tugadh mar “athbhrandáil” ar an stáisiún núicléach Windscale de bharr drochphoiblíochta

Gan dabht, rinneadh an t-athrú ainm go dtí Electric Ireland ar chúiseanna maithe gnó agus trádála...b’fhéidir chun an comhlacht a dhéanamh níos mealltaí do cheannaitheoir. Ach ní fios fós an cuid den bplean trádála céanna í táille breise a ghearradh ar dhaoine nach n-úsáideann go leor leictreachais chun an comhlacht a shásamh.

Sea, níor theip ar do shúile ansin, tá “táille seasta ar úsáid íseal” tugtha isteach ag an seanuncail ceanúil BSL (gabh mo leithscéal, “EI”) agus gearrfar é ar dhaoine nach n-úsáideann ach “dhá aonad sa lá” ar an meán i dtréimhse dhá mhí. Tagann an sean-nath “we haf ways of making you...” chun cuimhne.

An míniú a thugann an comhlacht go bhfuil sé riachtanach an táille nua a ghearradh de bharr ardú ar chostas cothbhála an ghréasáin leictreachais agus seirbhísí custaiméirí. Ní íocann na custaiméirí seo, a deir EL go leor chun na costais seo a chlúdach.

An rud nach míníonn an comhlacht ná go bhfuil an táille seasta coitianta in ainm a bheith ag íoc as cothbhail an ghréasáin cheana féin. Ní dhéantar tagairt ach an oiread don ardú 15 faoin gcéad a thug an comhlacht isteach le déanaí nó cén fáth go raibh sé sin riachtanach.

Cinnte, ní luaitear gurb í an chúis is mó go bhfuil costais an tionscail ag ardú de bharr go bhfaigheann a gcuid oibrithe an pacáiste pá is airde beagnach ná in aon chomhlacht leathstáit eile. De réir meastúcháin amháin a rinneadh dhá bhliain ó shin, bhí meánphá móide pinsean an ghnáthoibrí sa mBSL thart ar €100,000 sa mbliain.

Ar ndóigh, deir an comhlacht nach bhfuil i gceist anseo ach mionlach dá gcustaiméirí, daoine a mbíonn tithe saoire acu agus a leithéidí. Ach tá an prionsabal leagtha síos acu anois agus cá bhfios amach anseo cé leis an bosca litreach trína gcuirfear an bille agus cá bhfios go bhfanfaidh an íosúsáid ag “dhá aonad”.

Cén fath nach n-íocfadh na custaiméirí as na híocaíochtaí flaithiúla scoir a bheidh le híoc chun an comhlacht a dhéanamh réidh don margadh? Is léir nach bhfuil aon rialathóir ann chun iad a stopadh agus tá sé déanta soiléir ag an aire rialtais atá freagrach nach gcuirfidh seisean isteach nó amach ar an scéal seo.

Féach ar an raic faoi bhailiú bruscair i mBaile Átha Cliath. Níl Greyhound i mbun na seirbhíse ach le mí agus tá siad ag caint cheana féin ar ardú 16 faoin gcéad. Bhfuil aon duine ann chun stop a chur leo nó an gcaithfidh muid fanacht go dtí go mbeidh sráideanna Bhaile Átha Cliath fillte go dtí brocamas na meánaoiseanna?

Sa bhfiontar seo, d’fhéadfadh Electric Ireland a bheith ina cheannródaí. Cheana féin, deirtear go bhfuil Bord Gáis ag smaoineamh ar a leithéid de tháille a thabhairt isteach. Agus d’fhéadfadh an nós seo scaipeadh go tapa.

Cad fúthu seo: táille breise íseal-úsáide orthu sin nach gcuireann go leor draimhíle ar fáil gach seachtain; orthu siúd nach gcuireann go leor séarachais ar fáil; nach gcaitheann go leor uisce gach seachtain; nach ndéanann turais ar bhusanna poiblí go rialta nó nach mbíonn ag breathnú ar an teilifís nó ag úsáid an teilefóin phoiblí ach corruair.

Ní gá ach samhlaíocht fhear a’ ghaimbín chun na deiseanna a thugann an sampla seo a fheiceáil. Is rud amháin é táille réasúnta a íoc as seirbhís phoiblí éigin. Is rud eile ar fad é go n-iarrfaí ort íoc as gan é a úsáid.

Is e sin an fáth gur chóir Gradam Shotal na Bliana a bhronnadh ar na daoine dea-íoctha a cheap an cleas seo.