Gaelchultúr ag easpórtáil na teanga go cathracha Mheiriceá

TUARASCAIL : AG EASPÓRTÁIL na Gaeilge a bheidh muintir Ghaelchultúr an Márta seo

TUARASCAIL: AG EASPÓRTÁIL na Gaeilge a bheidh muintir Ghaelchultúr an Márta seo. Tá plean uaillmhianach ag an eagras teanga i mBaile Átha Cliath ranganna Gaeilge d'fhoghlaimeoirí a bhunú i mBostún, i Londain agus in ionaid eile thar sáile níos déanaí i mbliana.

Dúirt stiúrthóir oideachais Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill, go raibh sé “mar sprioc againn ranganna a chur ar siúl sna cathracha móra i Meiriceá Thuaidh, na Stáit Aontaithe agus Ceanada. Tá sé cruthaithe cheana féin go bhfuil ráchairt ar ranganna i Meiriceá”. Dúirt an Dálach go raibh siad le dhá scéim phíolótacha a sheoladh thar sáile mí an Mhárta i mBostún sna Stáit Aontaithe agus i Londain “mar thús”.

“Talamh bán,” a bhí ann mar Bhostún. Bhí “méid áirithe taighde” déanta ag an chomhlacht; chonacthas dó go raibh “neart ag tarlú” i Nua-Eabhrac cheana féin agus “méid áirithe ag tarlú ar bhonn teoranta” i gcathracha eile ar nós San Francisco, Portland agus Washington DC.

Bhí an scéal céanna ann go minic; bhí an-suim ag daoine i nGaeilge ach ní raibh freastal ceart ar fhoghlaimeoirí. Níor chuir an taisteal as do dhaoine agus iad ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim sna Stáit. B’eol dó cás amháin de mhúinteoir i gCalifornia agus tháinig daoine 100 míle le freastal ar a rang, a dúirt sé.

READ MORE

Bhí réamhthaighde ar bun faoi láthair agus bhí siad ag amharc ar ionaid eile thar sáile, ina measc an Bhruiséil agus an Astráil. Ba é rún an chomhlachta múinteoirí a earcú sna tíortha agus ábhar a chur chucu. Tá “teagmháil againn le daoine ar fud an domhain a bhfuil scoth na Gaeilge acu” agus chreid sé go raibh na cúrsaí “níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh mar gheall ar an chúlú eacnamaíochta”.

Idir an dá linn, beidh an comhlacht ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta in 19 ionad in Éirinn an tEarrach seo. Tosóidh na cúrsaí tús mhí Feabhra agus beidh siad ar siúl ar bhailte, ina measc: Leitir Ceanainn; Gaillimh; Sligeach; an Muileann gCearr; Cluain Meala; Luimneach agus Trá Lí. Beidh ranganna ar fáil ag ocht leibhéal i gceanncheathrú Ghaelchultúir i mBarra an Teampaill agus suas le ceithre leibhéal sna hionaid eile.

Eolas: 1890 252900 nó www.gaelchultur.com

Dráma i mBré

NÍL AINM ar an ghrúpa agus níl dráma scríofa go fóill ach beidh an chéad chleachtadh ag compántas nua drámaíochta i mBré, Co Chill Mhantáin, oíche Luain. Is faoi chúram chumann na n-ealaíon béil, An Béal Binn, a bheidh an ócáid.

Dúirt feidhmeannach ealaíne an Bhéil Bhinn, Colm Ó Foghlú, go raibh “coincheap físiúil” i gceist leis an saothar nua a bhí beartaithe aige. Rómhinic, a dúirt sé, bhí script ar fáil sular cuireadh saothar ar stáitse. Bhí seisean ag tabhairt droim láimhe leis an traidisiún sin – b’fhearr leis an script a scríobh de réir mar a d’fhorbair an saothar. Bhí sé ag iarraidh buanna agus tallann na ndaoine sa chompántas a úsáid: “Níl tú teoranta ag an script.”

“Daoine cruthaitheacha,” a bhí uaidh nó próiseas cruthaitheach a bheadh i gceist le cumadh agus forbairt an dráma. Ba mhian leis “deis a thabhairt don lucht féachana a samhlaíocht a úsáid” agus gan ‘scannán ar stáitse’ a chur rompu. “Níl ceann scríbe beacht againn,” a dúirt sé, “ach beidh an t-aistear suimiúil”.

Tá seantaithí aige, mar chumadóir ceoil agus stiúrthóir amharclainne, ar nithe a stáitsiú. Tá an dráma le dul os comhair an phobail ag deireadh na Bealtaine mar chuid de Scléip an tSamhraidh. “Bheadh sé iontach slua mór bheith againn,” a dúirt sé.

Beidh teacht le chéile sa Mermaid (stiúideo thuas staighre) i mBré, Co Chill Mhantáin, idir 8pm agus 10pm Dé Luain agus fáilte roimh dhaoine os cionn 16 bliain d’aois freastal.

Eolas: 085-7823411 nó www.anbealbinn.com

Péaslaí is ainm dom

NÍ BHEIFEÁ ag súil go mbeadh spéis ag bunaitheoir an DUP, an tUrramach Ian Paisley, sa Ghaeilge ach sheol sé taispeántas Gaeilge i mBéal Feirste beagnach coicís ó shin.

Bhí Paisley mar aoi-chainteoir ar ócáid a reáchtáil na heagrais Colmcille agus an tIontaobhas ULTACH, taispeántas ealaíne agus filíochta a dhéanann comóradh ar shaol Cholm Chille, an naomh a d’fhág Éirinn le haghaidh a thabhairt ar Oileán Í.

Thug Paisley óráid agus dúirt: “I think that young people could get a great kick out of this. The places where these people spread their news are right at our feet, and this exhibition round these walls. Tonight brings from the dark ages some of the most delightful statements from that time. I believe that we have a lot of making up to do to get our people interested in what is a great and a glorious heritage.”

Ná cuireadh sé iontas ar dhuine ar bith an tUrramach Péaslaí a fheiceáil ar chúrsa Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, an samhradh seo.

Withdrawn

IS MINIC a bhíonn scríbhneoirí na Gaeilge ag rá nach dtugtar aird mar is ceart orthu. In amanna, is measa arís a gcás. Agus mé sa leabharlann phoiblí áitiúil, thug mé faoi deara go raibh leabhair ar díol ar 20p an ceann.

Tháinig mé ar dhá leabhar Ghaeilge nua agus “Withdrawn From Stock” stampáilte orthu i measc na sic-lit ar fad. Is cosúil nach léifidh daoine leabhar Gaeilge – fiú sa chás is go mbíonn siad ar fáil ar iasacht i leabharlann.

Ach ná bíodh imní ar na húdair, ní withdrawn from stock atá a saothar níos mó ach beo ar mo sheilf féin sa bhaile.

Doug agus Des

TABHARFAIDH an léachtóir agus criticeoir, Máirín Nic Eoin, léacht dátheangach “Cultúr na Gaeilge nó Pobal na Gaeilge? The Irish Language and Identity from Douglas Hyde to Des Bishop” seachtain ón Luan ag 8pm san Amharclann, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

Labhróidh sí ar an ghaol idir an Ghaeilge agus cúrsaí féiniúlachta i bhfianaise mhionlú teanga, hibridiú an chultúir agus dhibhéirsiú shochaí na hÉireann.

Eolas: www.spd.dcu.ie/shl

Fonn Merriman

IS É “Rachainn go Gaillimh – le filí agus le fonnadóirí” téama Scoil Gheimhridh Chumann Merriman na bliana seo.

Beidh an scoil ar siúl in Óstán Meyrick, Gaillimh, idir an Aoine 6ú agus an Domhnach 8ú, Feabhra.

Beidh léachtaí ar chúrsaí filíochta agus amhránaíochta agus léamh filíochta agus ceoil le Gearóid Mac Lochlainn agus Ronan Browne.

Eolas: www.merriman.ie nó 086-3820671

compántas drámaíochtadrama company – cruthaitheachcreative – dúshlánchallenge – easpórtáilexport – feidhmeannachexecutive – féiniúlachtidentity – foghlaimeoirlearner – hibridiúhybridization – ilghnéitheachdiverse – nasclink – próiseasprocess – taighderesearch – teagmháilcontact – téisthesis – teorantalimited