Focail agus fealsúnacht fhoclóir de Bhaldraithe

IS MITHID dúinn cuimhneamh gur foilsíodh English-Irish Dictionary na Roinne Oideachais an chéad uair 50 bliain ó shin i mbliana…

IS MITHID dúinn cuimhneamh gur foilsíodh English-Irish Dictionary na Roinne Oideachais an chéad uair 50 bliain ó shin i mbliana. Ag an uair sin, bhí cáil ar an bhfoclóir mar iarracht teanga na Gaeilge a fhorbairt don fhoghlaimeoir le rialacha an Chaighdeáin Oifigiúil agus leagan amach an chló Rómhánaigh.

Bhain an foclóirí Tomás de Bhaldraithe cáil amach dó féin ar an iarracht sin, cáil a lean i gcaitheamh an chuid eile den aois seo caite. Go háirithe, ba dhíol suntais é do mhuintir na linne sin an bhéim a cuireadh san fhoclóir ar théarmaí agus ar fhocail nua a chumadh.

Cuireadh tús leis an saothar i mí Mheán Fómhair 1945. Chun an obair sin a chur i gcrích i gceart, chinn de Bhaldraithe Foclóir Gaedhilge agus Béarla Phádraig Uí Dhuinnín a chur droim ar ais go Béarla-Gaeilge (agus an cló Rómhánach a úsáid) ar chártaí innéacsúla chun an bunachar a thiomsú. Ansin b’éigean na cártaí sin a chur go socair in ord aibítre.

Anuas air sin, ba ghá do na heagarthóirí cúnta cuid mhór leabhar, irisí agus lámhscríbhinní a léamh agus cártaí ábharthacha a scríobh agus ansin iad a scagadh in ord agus iad a chur isteach leis na cártaí eile sa bhailiúchán. Cumadh nod difriúil do gach foinse eolais agus bhí sé tábhachtach an nod ceart a bhreacadh isteach ar gach cárta a bhain leis an bhfoinse sin.

READ MORE

Bheartaigh de Bhaldraithe Harrap’s Shorter English and French Dictionary (1944) a úsáid mar mhúnla oibre do English-Irish Dictionary. Bhraith sé gur foclóir comhaimseartha dátheangach idirnáisiúnta a bhí de dhíth i gcás na Gaeilge agus ón uair go raibh Fraincis ar a thoil aige agus lorg sé eiseamláir oiriúnach foclóra agus bhí foinse oiriúnach do thaobh an Bhéarla uaidh.

Tosaíodh ar dhréachtadh na bhfocal i mí na Márta 1950. Sa chéad sé seachtaine, rinneadh 25 leathanach de Harrap (as 937 leathanach) a chíoradh. Baineadh úsáid chomh maith as neart foilseachán eile ina dhiaidh sin; rinne an fhoireann scagadh ar irisí éagsúla Gaeilge mar aon le páipéir scrúdaithe.

De réir mar a bhí de Bhaldraithe ag obair ar an bhfoclóir ba léir dó go raibh obair ar leith agus obair an-mhór ag baint le: “Irish renderings for any of the words and phrases which may roughly be classed as ‘modern’” a chur ar fáil chomh maith le Gaelú a dhéanamh ar théarmaí teicniúla.

Ó thús na hathbheochana i leith, agus go háirithe ó bhunú an Stáit nua sa bhliain 1922, bhí fás an-mhór ar úsáid na Gaeilge mar theanga bheo nua-aimseartha i gcúrsaí riaracháin agus oideachais, sa litríocht, san iriseoireacht agus ar an raidió.

Aimsíodh liosta mór nua-iasachtaí agus focal nuachumtha a bhí, uaireanta, i gcomórtas le chéile ó thaobh litrithe agus gramadaí. Chuidigh English-Irish Dictionary le smacht a chur ar líon na bhfocal a cruthaíodh sa scríbhneoireacht agus moladh amháin a roghnú go caighdeánach ar na focail sin.

Mar shampla, bhí cúig bhealach leis an réimír hydro- a aistriú go Gaeilge a liostaigh de Bhaldraithe, mar aon le 13 iarracht le litriú Gaeilge a chumadh don leagan iasachta féin, agus liostaigh sé 18 leagan Gaeilge ar an bhfearas ar a dtugtar “teileascóp” anois a bhí in úsáid i dtéacsleabhair agus i bpáipéir scrúdaithe. Bhí “cianradharcán”, “fadradharcán”, “radharcghloine”, “súil-fhiodáin” ar fad in úsáid.

Mar sin, rinne English-Irish Dictionary caighdeánú tábhachtach ar réimíreanna agus iarmhíreanna i leith téarmaí teicniúla don saol comhaimseartha.

Rinneadh na réimíreanna agus iarmhíreanna a Ghaelú de réir bunús na bhfocal chun iad a chur i bhfeidhm ní hamháin ar na focail a bhí ann ag an am ach ar fhocail nua a bhí le ceapadh ina dhiaidh sin.

Chuir duine de na heagarthóirí cúnta, Éilis Ní Bhrádaigh, slacht ar bhreis is 250 ábhar éagsúil as a stuaim féin, ábhar mar seo a leanas: aerloingseoireacht, bitheolaíocht, ársaíocht na Róimhe agus na Gréige, leictreachas agus zó-eolaíocht ina measc. Rinneadh caighdeánú ar eilimintí na dtéarmaí teicniúla iasachta – réimíreanna agus iarmhíreanna agus leanadh den eilimint chéanna tríd síos: “anameolaíocht”, “aigniúil”, “aigneolaíocht”, leacht intinne a bhíodh ann, “féithiúil” (“phlebology”), “cuisleoireacht” (“phlebotomy”) sna Téarmaí Dochtúireachta (1942) ach in English-Irish Dictionary , bhí “fleibeolaíocht” agus “fleibeatómaí” ar fáil.

Glacadh le focail dhúchasacha nó seaniasachtaí Gaelaithe in áit na dtéarmaí nua a cheapadh is gan aon ghá leo: “biorán gruaige” (in áit “ciabhdhealg”), “léas” (“seilbhscríbhinn”), “stáisiún” (“traenphort”), “ainsiléad” (“tuailmheá”), “gúta” (“ailt-thinneas”), “custaiméir” (“gnáthcheannaitheoir”), “simléar” (“deatachán”) agus “traenálaí” (“urghnamhnaí”).

Mar sin féin, fágadh cuma aisteach ar fhocail ó thaobh na léitheoirí de. Go hachomair, is iad seo na bunrialacha a bhí in úsáid chun téarmaíocht theicniúil a chruthú don fhoclóir.

Chuir foireann an fhoclóra liostaí Béarla le chéile de réir ábhair (timpeall 30 liosta ar fad). Sa chás go raibh téarma nó téarmaí éagsúla Gaeilge le fáil cheana féin, rinneadh scagadh orthu, is toghadh an ceann ab oiriúnaí.

Cuireadh na liostaí faoi bhráid saineolaithe i ngach ábhar acu, agus iarradh orthu, má bhíodar sásta le téarma Gaeilge é sin a chur in iúl; muna rabhadar, téarma eile a mholadh ina áit, agus bunús is údarás an téarma nua sin a thabhairt.

D’éirigh le de Bhaldraithe formhór an ama teacht ar shaineolaí amháin ar a laghad a bhí cáilithe ó thaobh an ábhair agus ó thaobh na Gaeilge leis na liostaí a fhiosrú agus a chinntiú don fhoireann.

Rinne de Bhaldraithe breithiúnas ar mholtaí na saineolaithe sa chás nach rabhadar ar aon intinn le chéile. Sa chás gur mhol saineolaí amháin téarma nua ab oirinúnaí ná aon cheann a bhí cheana ann, cuireadh faoi bhráid an dara saineolaí é, go hiondúil, le go n-aontódh sé leis.

Socraíodh beagnach 19,535 téarma ar an gcaoi sin.

Cleas seiftiúil a bhí sa phróiseas thuas agus léirigh sé gur thuig de Bhaldraithe gur ghá saineolas níos leithne ná an fhoireann bheag féin bheith ag plé le ceist na téarmaíochta san fhoclóir.

Uaireanta, deir léirmheastóirí áirithe nach seasann English-Irish Dictionary an fód ama, ach thar aon ní eile, b’fhéidir gur Béarla na hÉireann san fhoclóir atá as dáta go mór sa chás sin.

De cheal coiste téarmaíochta, chabhraigh focail agus fealsúnacht fhoclóir de Bhaldaithe go mór le snas agus seachadadh na nuathéarmaíochta. Bhunaigh de Bhaldraithe na cleachtais dhéantúsaíochta ar fhoireann an fhoclóra a bhí in oiriúint le riachtanais na téarmaí teicniúla seo a chomhlíonadh.

Tiocfaidh foclóir nua Béarla-Gaeilge i gcomharbacht ar an English-Irish Dictionary ach d’fhág de Bhaldraithe móroidhreacht do phobal ina iarracht féin ó leathchéad bliain ó shin.

Tá leabhar an údair, Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge, (Cois Life) ar díol ar €15