Fiormhuintir Nice

An Peann Coitianta: Tá tú i measc fíormhuintir Nice anseo tá's agat, a deir bean an pension ag an mbord am lóin, dom shocrú …

An Peann Coitianta: Tá tú i measc fíormhuintir Nice anseo tá's agat, a deir bean an pension ag an mbord am lóin, dom shocrú isteach i dteannta beirt sheanóirí de chuid na sean-chathrach.

Croitheann siadsan lámh liom, gan aon bhriseadh a dhéanamh ina gcomhrá.

Lá Fhéile Bheairtlime - an San Bartéoumiéu - ag deireadh Lúnasa, agus tá cacanna capaillíní na paysans ón gcnoc ar fud leacacha chearnóg láir an tseanbhaile.

- Ach an bhfuil fíormhuintir fágtha in aon áit? a fhiafraím de bhean an tí atá sna 70í agus í fós téagartha, folláin.

READ MORE

- Ó Cheanada nó ón mBeilg tusa ab ea?

- Ó Éirinn.

- Tá fíormhuintir agaibh fós in Éirinn, quand meme. An mbeidh ainseabhaithe agat leis an salade Nicoise?

- Beidh.

Saghas caitheamh chugat acu is ea an freastal. Aithne acu ar gach éinne a bhuaileann an doras isteach ón sráid. Oiread Iodáilise á labhairt leis an bhFraincis ag na boird.

Slí do scór. Canúint den Iodáilis á labhairt i gceantar Nice siar amach, tá comharthaí sráideanna an tseanbhaile dhátheangach. Prováinsis agus canúintí eile a labhradh tráth den saol isteach faoi na cnoic agus na sléibhte.

Buaileann fear an tí isteach, málaí ascaille aige ón margadh, fear mór rábach ramhar gealgháireach agus é séidte ag an siúl aníos sa bhrothall. Leagann sé a phacaí uaidh laistigh den chuntar agus suíonn isteach chun an bhoird. Croitheann lámh linn. Sánn mias atá faighte aige ó bhean sa tsráid faoi mo shrón.

- Seo, dein é sin a bhlaiseadh. Tá sé báite in oíle. Cuir an forc isteach ann. Seo leat.

- Tá mo salade díreach críochnaithe agam.

- Féach, blais é sin. Na paysans a dhein é. Tá stuif ann a gharsúin. Scaoil sé na dubháin blocáilte agamsa.

Blaisimid triúr an salade nua seo as an mias. Leanann siadsan ag trácht ar a chuid cáilíochtaí. Tá Jean-Paul in aice liom 92.

- An dtagann tú amach gach aon lá? a fhiafraím de.

- Gach lá beo. Ní bhíonn aon ghoile agam ach cuirim iachall orm féin ithe, ar sé agus an t-arán á thumadh aige san oíle chun é a bhogadh agus a changailt.

- Uisce ab ea atá á ól agat? a fhiafraíonn fear an tí díom.

- Sea.

- Ní gá bheith ag caitheamh airgid ar na huiscí sin sna buidéil. Uisce ón gcnoc atá á ól anseo againn, é chomh glan le fíoruisce amach as tobar. Ba cheart go mbeadh fhios agamsa é. Bím á thaighde.

- An bhfuil sé daor, an obair sin anseo?

- Tá uisce daor anseo. An áirithe sin ar gach méadar ciúbach. Cé méid é 25 francs san airgead nua a bhean an tí? 40 euro? Dhera caith uaim 40 euro, nach thart ar an 3 euro é? Éirigh as a bheith ag caitheamh siar na dí taobh thiar den chuntar ansin!

- Tá na Rúisigh ar ais ar an gcósta seo, faoi mar a bhíodar aimsir na Sár, a deirim leis. Chonac brat na Rúise crochta ag an óstán mór Le Negresco ar an Promenade des Anglais.

- Rúisigh? Táimid marbh acu, agus gach dream eile acu atá ag teacht chugainn. Ailgéirigh, Arabaigh, Afraicigh. Ní áirím na hIodáiligh, nach iad ár muintir féin iad agus iad ag teacht riamh, agus le déanaí chun obráidí a fháil? Agus muintir Thuaisceart na hEorpa ag ceannach tithe saoire. An bhfuil fhios agat go bhfuil iníon Yeltsin thuas ar na cnoic ansin agus áit aici a bheadh oiriúnach do na Sáir? Fiche duine ag obair aici mar bhuíon slándála timpeall an chloig. Falla mór eastáit tógtha aici.

- Theastódh mórán uisce uathusan.

- Uisce? Nach uisce na farraige a bhí ag teastáil uaithisin chun linn snámha sáile a bheith aici. Ná bac dul chun na farraige, ach an fharraige a thabhairt chugat!

- Coirpigh a leath acu.

TÁ seilbh glactha aige féin ar an gcomhrá agus curfá á chaitheamh ag an mbeirt eile leis. Mais oui, les Russes! Criminels!

- Ach tá sibh féin an-cheanúil ar Le Pen anseo.

- Bhfuil fhios agat, mon ami, gur fear buile é siúd, ach gur minic a labhrann an té atá ar buile an fhírinne. An méid atá sé siúd a rá os ard, is é atá gach éinne a rá os íseal.

Tosaíonn an bord ag seinm i gceart. An seanóir eile a bhí ciúin go dtí seo, buaileann sé an bord leis an bhforc agus leis an scian agus Cogadh na hAilgéire á throid arís aige. Tosaíonn Jean-Paul taobh liom ag crith le fearg 92 bliain éigin dá chuid féin.

- Ach an bhfuil fíormhuintir Nice ann?

- Ó tá, tá san, arsa fear an tí ag ciúnú an bhoird. Ón Auvergne mise, phósas isteach anseo, ach tá fíormhuintir Nice ann. Tá fíormhuintir ins gach áit.

- Tá. Tá fíormhuintir ins gach aon áit a deirim agus sinn ag leanúint leis an mbéile.

Agus amach as cúinne na súl, i bpictiúrlann na cearnóige, chím fógraithe Peter Pan 2 Retour Au Pays Magique.