Fianna Fáil ag dul ó thuaidh

Beocheist: Bhíodh seanghrianghraf ag mo sheanathair a thaispeánadh sé go bródúil do chuairteoirí ina theach ar imeall Thaobh…

Beocheist:Bhíodh seanghrianghraf ag mo sheanathair a thaispeánadh sé go bródúil do chuairteoirí ina theach ar imeall Thaobh an Bhogaigh i nDoire.

Ba phictiúr é de pharáid sa gceantar a eagraíodh nuair a rinneadh Éamon de Valera "a smugláil" trasna na teorann chun cuairt a thabhairt ar náisiúntóirí na cathrach. Is dócha gurb í seo an chuairt chlúiteach a shaothraigh mí phríosúntachta dó as labhairt le cruinniú réamhthoghcháin ann i 1924. Déantar dearmad air uaireanta gur toghadh de Valera mar fheisire parlaiminte do Chontae an Dúin fán am seo.

Bhí an "fear fada" timpeallaithe ag slua ollmhór agus ba léir ar aghaidheanna na bhfear thart air go raibh laoch tagtha ina measc. Bhí siad ag breathnú air mar a bheadh slánaitheoir ann. Bhí díomá i ndán dóibh. Nuair a tháinig sé chun cumhachta, ba bheag cuairt a thugadh sé thar teorainn agus taobh amuigh de na hóráidí rialta faoi na "haidhmeanna náisiúnta" b'imeallach an spéis phraiticiúil a chuir sé de réir a chéile i bhfadhbanna an Tuaiscirt.

Tháinig an seanphictiúr sin chun cuimhne nuair a d'fhógair an Taoiseach Bertie Ahern rún Fhianna Fáil iad féin a eagrú mar pháirtí sa Tuaisceart. Ní bheidh a fhios againn go díreach cad é mar a chuirfear an rún sin i bhfeidhm go dtí go gcríochnaíonn coiste speisialta na cainteanna atá le bheith aige le raon leathan dreamanna sa Tuaisceart a bhfuil an SDLP ar bharr an liosta. Tá rud amháin cinnte, áfach, ní dhéanfar aon rud go tapa. Níl Fianna Fáil chun dul in iomaíocht leis na páirtithe náisiúnacha eile sa Tuaisceart chun an cluiche ar fad a chailliúint agus é sin bheith feicthe go soiléir.

READ MORE

Is í sin an chúis go bhfuil an oiread sin cur is cúitimh faoin SDLP agus faoin mbealach go n-oirfeadh sé don dá pháirtí comhnascadh a dhéanamh. Maíonn Seán Farren on SDLP go bhfuil athbhreithniú ar siúl taobh istigh den bpáirtí agus go bhfuil éagsúlacht tuairimí ann a léireofar go luath. Beidh rúin á bplé ag comhdháil an pháirtí ag deireadh na seachtaine seo faoi chomhoibriú le páirtithe an Deiscirt agus ainmníonn ceann amháin acu Fianna Fáil mar pháirtnéir oiriúnach.

Sa deireadh, is deacair Fianna Fáil a shamhlú agus iad ag seasamh in aghaidh an SDLP agus Sinn Féin. Is léir go gcreideann Fianna Fáil go bhfuil stop curtha acu le dul chun cinn Shinn Féin sa Deisceart agus anois tá siad ag díriú ar an ngluaiseacht phoblachtach san áit is treise í. An gcreideann éinne go mbeadh caint ar eagrú Fhianna Fáil sa Tuaisceart dá mba é an SDLP a bhí mar phríomhpháirtí sa gcomhrialtas ó thuaidh? Beag an baol.

Is féidir le Fianna Fáil ceo cumarsáide a chur ar an scéal le caint faoi aidhm stairiúil náisiúnta an pháirtí a chur i gcrích ach is léir go bhfuil Sinn Féin mar thargaid acu. Ní thaitníonn sé le Fianna Fáil gur ghoid Sinn Féin éadaí an SDLP agus gurb iadsan a bhain buntáiste polaitiúil as. É sin agus an bhagairt pholaitiúil sa Deisceart is mó atá tar éis aird Fhianna Fáil a dhíriú ó thuaidh.

Taobh istigh den bpáirtí measann a lán gur fhág siad Sinn Féin le srón fhuilteach sa toghchán deireanach agus nach mbeidh de dhíth sna toghcháin áitiúla seo chugainn ach coup de grace. D'fhéadfadh sé, ar ndóigh, go bhfuiltear ag ligint don dóchas an ceann is fearr a fháil ar an gciall sa tuairim sin. Tabhair faoi deara gur tháinig méadú 2 faoin gcéad ar thacaíocht Shinn Féin sa bpobalbhreith a foilsíodh ag an deireadh seachtaine.

An cheist is mó atá le freagairt ag Fianna Fáil anois ná cén glacadh a bheadh leo i measc náisiúntóirí an Tuaiscirt? Sa chéad toghchán eile, beidh Sinn Féin san iomaíocht mar pháirtí a raibh lámh aige ar stiúir na cumhachta sa Tuaisceart le tamall. D'fhéadfadh Fianna Fáil maíomh Shinn Féin gurb iad an t-aon pháirtí uile-Éireann iad a shárú. Leoga, d'fhéadfadh Fianna Fáil á mhaíomh gurb iadsan an t-aon pháirtí uile-Éireann atá i gcumhacht sa dá chuid den tír. Bheadh draíocht mhealltach ag baint leis sin do vótóirí náisiúnacha.

Más teist ar bith ar chaighdeán na polaitaíochta ó thuaidh, idir seo agus an toghchán, an eachtra inar fágadh Margaret Ritchie gan tacaíocht agus faoi bhagairt ina hiarracht ar airgead rialtais don UDA a ghearradh, tá sé thar am do pháirtithe go léir na Dála breathnú ó thuaidh.

An tábhachtaí anois le Sinn Féin dea-thuairim an DUP ná an ceart? Tá cuid dá lucht leanúna féin ag cur na ceiste. I dtréimhse ina mbíonn an oiread sin cainte ar bhullyáil san áit oibre, tá gradam ar leith tuillte ag Margaret mhisniúil Ritchie.