Feile naisiunta

Is é an Moinsineoir Pádraig Ó Fiannachta a osclóidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta san oíche amárach ag 8pm i Halla na Feothanaí…

Is é an Moinsineoir Pádraig Ó Fiannachta a osclóidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta san oíche amárach ag 8pm i Halla na Feothanaí, Corca Dhuibhne, Co Chiarraí.

Beidh drámaí nua le Liam Ó Mathúna agus Alan Titley mar aon le hagallaimh bheirte agus dráma véarsaíochta le linn na féile. Is ócáid bhliantúil í an fhéile ina mbíonn na compántais amaitéaracha is fearr le feiceáil ar stáitse. Mairfidh na drámaí go dtí an Domhnach. Eolas: 091-574146