Eolas ar, agus airgead do, logainmneacha

Ní fada ó bhunaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ciste speisialta €300,000 le scéim taighde ar logainmneacha…

Ní fada ó bhunaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ciste speisialta €300,000 le scéim taighde ar logainmneacha a chur sa siúl.

Bronnfar sparánachtaí ar mhic léinn iarchéime a roghnóidh logainmneacha mar ábhar taighde.

Dúirt an tAire Éamon Ó Cuív gur bhain "saibhreas ar leith le logainmneacha na tíre seo, go háirithe na logainmneacha Gaeilge. Baineann siad lenár sinsear, agus is cuid tábhachtach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht iad. Insíonn siad go leor dúinn faoi chúlra ár mbailte dúchais agus stair an cheantair". Ba é a mhian glúin nua a spreagadh le taighde a dhéanamh ar logainmneacha.

Ar ndóigh, tá mórán daoine ag plé leis an ábhar le fada agus ní hamháin i gcomhthéacs na hÉireann de. Bhí Art Ó Maolfabhail ina Oifigeach Logainmneacha idir 1958 agus 1997 i mBrainse Logainmeacha Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann.

READ MORE

Tá leabhar nua scríofa aige ar an ábhar a chuireann síos ar an ghné idirnáisiúnta d'ainmneacha áite, Ó Lyon go Dún Lúiche: logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach (Clódhanna Teoranta, €10).

Tógann sé dornán focal atá coitianta i logainmneacha na hÉireann agus lorgaíonn sé a bpréamhacha sa Bhreatain agus ar an mhór-roinn. Scríobhann sé, mar shampla, gur "áit ard is ciall do brí..."

Tugann sé liosta d'áiteanna in Éirinn a bhfuil "brí" iontu agus cuireann sé síos ar áiteanna sa Bhreatain Bhig, i Sasana agus sa Fhrainc a bhfuil an chiall chéanna leo. Ar an dóigh sin a thugann sé oidhreacht Cheilteach na hEorpa chun solais.

Tá, gan amhras, níos mó i gceist le logainm ná cur síos lom ar thíreolas. Tugann Ó Maolfabhail blaiseadh den bhéaloideas agus den stair a bhaineann leis na háiteanna. Leabhar beag comair é leabhar Uí Mhaolfabhail agus léargas thar a bheith fiúntach eolach ar an Eoraip Cheilteach le fáil ann.

Idir leabhar Uí Mhaolfabhail agus sparánacht Uí Chuív, seans go mbeidh ar scoláirí óga seal a chaitheamh ag spaisteoireacht fud fad na mór-roinne agus iad i mbun taighde. Na créatúir!