Éire Eabhraise

Tabharfaidh an Dochtúir Shlomo Izre'el, Ollamh leis na Teangacha Seimíteacha in Ollscoil Tel Aviv, Iosrael, Léacht Chuimhneacháin…

Tabharfaidh an Dochtúir Shlomo Izre'el, Ollamh leis na Teangacha Seimíteacha in Ollscoil Tel Aviv, Iosrael, Léacht Chuimhneacháin Phádraig Uí Dhonnchú i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Domhnaigh ag 3pm.

"Athbheochan Eabhrais Iosraeil - Ceacht don Ghaeilge?" teideal a chainte.

Pléifidh sé an tslí ar cumadh canúint nua-aimseartha as seanteanga na nIúdach i ndiaidh bhunú stat Iosraeil. Labhróidh sé faoin simpliú a rinneadh ar an teanga mar áis d'fhoghlaimeoirí.

Beidh an Dr. Izre'el i mbun ceardlainne ar an ábhar céanna sa Chultúrlann an Luan seo chugainn.

READ MORE

Níl ach líon áirithe áit le fáil sa cheardlann ach is féidir suíochán a chur in áirithe ach glaoch ar 048-90208040.