Dushlan Gael

Tá Fine Gael ag tabhairt dhúshlán na n-eagras Gaeilge lena bpolasaí teanga, de réir eagarfhocal an iris Idirlín, Beo! (www.beo…

Tá Fine Gael ag tabhairt dhúshlán na n-eagras Gaeilge lena bpolasaí teanga, de réir eagarfhocal an iris Idirlín, Beo! (www.beo.ie) an mhí seo, ach níl na heagrais Ghaeilge ag tabhairt faoin dúshlán mar is ceart.

Molann Fine Gael gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach Ardteiste. Mar agóid ina éadan sin, tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil feachtais le tabhairt ar vótóirí gan tacaíocht a thabhairt d'Fhine Gael agus tá achainí ar líne ag Glór na nGael ag cáineadh pholasaí an pháirtí.

Scríobhtar ar eagarfhocal Beo! go mb'fhéidir nach bhfuil an cur chuige ceart ag lucht na Gaeilge ar an cheist: "An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.

"Táthar ag dul sa seans leis an mhodh oibre seo, áfach. Má éiríonn le Fine Gael bheith sa chéad rialtas eile, ní bheidh an bua acu de bharr a seasamh maidir leis an Ghaeilge ach beidh siad ábalta a mhaíomh go raibh sé ar a gclár oibre agus is cinnte go gcomhlíonfaidh siad a ngealltanas an Ghaeilge a imeallú.

READ MORE

"Ar cheart dúinn díriú ar na páirtithe eile a d'fhéadfadh bheith i gcumhacht leo? (Is cinnte go mbeadh sé níos fusa geallúintí a fháil ó Pháirtí an Lucht Oibre ná ó Fhine Gael.)

"Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach?"

Molann an t-eagarfhocal gur fiú "suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht."