Dun do shuile

Dún do shúile, a éisteoir, dún do shúile, dún iad. Agus dhún

Dún do shúile, a éisteoir, dún do shúile, dún iad. Agus dhún. Agus d'éist le Pádraic Ó Conaire, duaisdhráma de chuid Dhiarmuid de Faoite a craoladh ar BBC Raidió Uladh oíche Shathairn.

Bhí clú ar an seó aonair stáitse a rinne de Faoite ar shaol Uí Chonaire ach ní raibh sin feicthe agam agus is muinín an leagan raidió a chuaigh mise, leagan dátheangach a bhain duais Stewart Parker do dhráma Gaeilge.

Mór mo náire ach bhí dearmad déanta agam de Phádraic agus dá ghearrscéalta; bhí dearmad déanta agam dá bheatha dhearóil agus dá streachailt mar scríbhneoir; bhí dearmad déanta agam dá dhán agus chuir an dráma an t-iomlán i gcuimhne dom arís eile.

Tháinig sruthanna a shaoil le chéile in aon eas mothálach amháin, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Ba chuma tú eolach nó aineolach ar chás Uí Chonaire, thug an dráma leat thú ar an chosán cruthaitheach a shiúil sé.

READ MORE

Scéal truacánta ach saol greannmhar a bhí aige. D'fhéadfadh an greann - faoi stiúir neamhoilte agus ar béala neamhthuigseacha - an t-iomlán léir a chur ó mhaith agus ábhar magaidh a dhéanamh de. Níor tharla sin. Tuigeadh gur dhuine lán taomanna é agus cuireadh i gcuimhne dúinn an dúil chun scríbhneoireachta a bhí ina chroí.

Chonaic mé le mo chluasa an céile fir agus an t-athair agus an t-údar agus an gníomhaí sóisialach san aon phearsa amháin den chéad uair riamh.

Bhí an script ar dóigh; bhí éifeacht le gach uile fhuaim agus thrasnaigh an scéal ón saol réadúil go saol na samhlaíochta gan oiread agus snag amháin. Bhí na haisteoirí ar fad maith ach tá moladh ar leith ag dul do Dhiarmuid de Faoite féin agus do Mhacdara Ó Fátharta.

Molaimis fosta léiritheoir agus stiúrthóir an chláir, Róisín Ní Chéileachair, ó Aonad na Gaeilge sa BBC. Oscailt aigne a bhí sa saothar ar chumas an raidió an tsamhlaíocht a spreagadh. Chruthaigh sí píosa ealaíne a sheasfas a clú agus clú a haonaid.

Chan amháin sin ach tá slat tomhais leagtha síos aici agus ag de Faoite do chaighdeán an dráma raidió.

Bravo agus tuilleadh, le bhur dtoil.