Dráma ilmheáin

CRAOLFAIDH RAIDIÓ na Life 106.4FM an dráma raidió An Strainséir le Brian Ó Tiomáin Dé hAoine ag 6.30pm

CRAOLFAIDH RAIDIÓ na Life 106.4FM an dráma raidió An Strainséir le Brian Ó Tiomáin Dé hAoine ag 6.30pm. Tá an dráma lonnaithe ar na hoileáin Árann agus tá ceol agus amhránaíocht fite fuaite tríd.

Is féidir le daoine éisteacht leis an dráma ar shuíomh Idirlín Raidió na Life ag www.raidionalife.ie. Fuair an dráma coimisiún faoin scéim Fuaim agus Fís den Choimisiún Craolacháin.