Davitt ar lar

Fuair Michael Davitt, file, bás Dé Domhnaigh i Sligeach; bhí sé 55 bliain d'aois

Fuair Michael Davitt, file, bás Dé Domhnaigh i Sligeach; bhí sé 55 bliain d'aois. I ráiteas, thug Foras na Gaeilge le fios: "Ceannródaí na nuafhilíochta Gaeilge ab ea Michael Davitt, rud a aithnítear ag baile agus i gcéin. An Bráthair S. E. Ó Cearbhaill sa Mhainistir Thuaidh a spreag a ghrá don Ghaeilge agus don fhilíocht.

Chuir sé slacht ar a chuid Gaeilge níos déanaí i nGaeltacht Mhúscraí agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Ceangal creidiúnach ab ea Michael Davitt idir an dá shaol, an file "Beat" a raibh lé nach beag aige leis an sean-nós.

"Ní i dtúr eabhair a mhair an "bligeard sráide" seo (mar a thug sé air féin i gcnuasach cáiliúil dá chuid). Bhí sé ar dhuine den lucht eagair a bhí laistiar den mhórshiúl go Baile Átha Cliath in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin; ní go ródheas a chaith na fórsaí slándála leis na hagóideoirí lasmuigh d'Ard-Oifig an Phoist. Thuig sé mar sin, ón dtús, go mbeadh dúshláin roimhe sa saol.

"Dhein sé cion fir agus é ina bhainisteoir ar Shlógadh agus arís ina léiritheoir ar an gclár teilifíse, Léargas. Fear cúise ab ea é ach ní sa ghnáthshlí; bhí a mhodhanna féin aige.

READ MORE

"San Iarfhocal a scríobhadh lena Rogha Dánta (Coiscéim), tugtar le fios ann go raibh an gol laistiar den ghreann in an-chuid dánta leis. Cuimhnítear inniu ar an bhfear seoigh ach bhí taobh an-dáiríre ar fad ann. Bhí sé ina mháistir ar a cheird. Ghoilleadh an abairt liopasta air.

"Ba gheall le míorúilt é an tionchar a bhí ag INNTI ar an nuafhilíocht. Thiar sna 1960í déanacha bhí an domhan á chorraí féin, bhí cearta á n-éileamh - cearta sibhialta na Gaeltachta, cearta an phobail ghoirm sna Stáit Aontaithe - agus bhí réabhlóid chultúrtha san aer, go háirithe sna hollscoileanna. Giotáraí maith ab ea Michael agus Bob Dylan ina dhia beag aige. Chuireadh sé cóisir ina tost le "The answer, my friend, is blowin' in the wind..."

"Bhí a fhios agat gur óna chroí amach a bhí na focail sin ag teacht mar nach raibh an freagra ar eolas aige - go deimhin, ní raibh lánmhuinín aige riamh as éinne a mhaífeadh go raibh an freagra aige. Má bhí nóta nua á bhualadh ag cultúir an Iarthair trí chéile, ba é Davitt a bhuail an nóta sin abhus. Nóta fonóideach ab ea é go minic; uaireanta eile nóta ab ea é a bhí lán de chumha, frustrachas agus briseadh croí.

"Chuir Michael Davitt an teanga in oiriúint do shaol na cathrach, do néaróis ár linne gan imeacht ó fhréamhacha na teanga, an teanga sin a bhí ina foinse spioradálta dó go lá a bháis. Cíorfar a oidhreacht liteartha fad is atá an Ghaeilge á labhairt, á scríobh agus á léamh in Éirinn agus déanfar iontas dá bhuanna éachtacha mar fhile."

Is cúis bhróin a bhás dá pháirtnéir, Moira Sweeney, a bhean, Máire agus dá chlann, Joe, Anna, Sibéal agus a mhuintir ar fad.

Michael Davitt, R.I.P.

scoilteadh an croí mór

ina bhéic mheigiliteach...

beidh an macalla sin farainn go deo

ní inniu ná amárach a chloisfear é

ní amárach ná amanathar a thuigfear é

lia oghaim ár linne

leagtha

GR