Corpas na Gaeilge

Inné in Acadamh Ríoga na hÉireann ar Shráid Dásain, Baile Átha Cliath, sheol an tAire Éamon Ó Cuív dlúthdhiosca ar a bhfuil an…

Inné in Acadamh Ríoga na hÉireann ar Shráid Dásain, Baile Átha Cliath, sheol an tAire Éamon Ó Cuív dlúthdhiosca ar a bhfuil an chéad chuid den chorpas ar a mbeidh an foclóir stairiúil Gaeilge, ar a dtugtar Foclóir na Nua-Ghaeilge, bunaithe, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tá os cionn 700 de théacsanna clóite Gaeilge ó 1600 go dtí 1882, ó Nua-Thiomna Uilliam Uí Dhomhnaill (1602) go dtí samplaí den fhilíocht bhéaloidis ag deireadh 19ú haois sa chorpas seo.

Mar a léiríodh sa taispeántas ar scáileán a tugadh, is mór an áis a bhfuil ann do scoláirí taobh amuigh de réimsí na foclóireachta agus na teanga. Is le freastal orthu san go príomha a cuireadh leagan Béarla den leabhrán agus de na treoracha ar fáil chomh maith le leagan Gaeilge.

Cuirfidh an dlúthdhiosca ar a gcumas a fháil amach an comhthéacs ina mbíodh focail agus nathanna cainte áirithe in úsáid 200 nó 300 bliain ó shin nuair a bhí an Ghaeilge ina neart agus an t-athrú a tháinig ar an úsáid le himeacht ama.

READ MORE

Luadh an focal "Gaeltacht" mar shampla. Tá daoine ann a shíleann gur focal é a cumadh ag tús na hathbheochana. Trí chliceáil ar an dlúthdhiosca seo is féidir a fheiceáil go raibh an focal "gaedhealtacht" in úsáid chomh fada siar le 1773.

Tá téacsanna staire, creidimh, dlí, leighis agus réalteolaíochta agus innéacs daonainmneacha agus logainmneacha ar an dlúthdhiosca agus téacs iomlán an Bhíobla, idir sheantiomna agus nuathiomna.

Is in 1995 a cinneadh corpas téacsanna don tréimhse 1600-1882 a chruthú mar thionscnamh ar leith, a mhínigh an t-eagarthóir, an Dr. Úna Uí Bheirn. Bhí 20 bliain imithe ó chinn Comhairle Acadamh Ríoga na hÉireann ar thabhairt faoi fhoclóir stairiúil na Nua-Ghaeilge a thiomsú faoi stiúir an Ollaimh Tomás de Bhaldraithe agus rinne coiste ar leith iniúchadh ar an dul chun cinn a bhí déanta.

Ag cur san áireamh a laghad den fhoireann a bhí fágtha de thairbhe ciorruithe airgid sna 1980í agus na hathruithe a bhí tar éis teacht i bhfeidhm ar fud an domhain ar chur chuige foclóireachta, socraíodh ar an dréachtú a bhí ar siúl ag an fhoireann a chur ar leataobh agus díriú ar an chorpas a chur ar fáil.

Tugadh seacht mbliana dóibh chun an obair a dhéanamh agus is é an Dr Éamonn Ó hÓgáin a stiúraigh é go ndeachaigh sé ar phinsean dhá bhliain ó shin. Chuaigh an t-eagarthóir cúnta Diarmaid Ó hAirt ar phinsean ag an am céanna agus bhí eagarthóir cúnta eile, an Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín, tar éis éirí as ceithre bliana roimhe sin chun dul i mbun an chúrsa Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Den deichniúr a bhí ar an bhuanfhoireann ó cuireadh tús leis an tionscadal is í Uí Bheirn an t-aon duine atá fágtha. Is uirthi a bhí an cúram an corpas a chur in oiriúint don dlúthdhiosca agus a chur i riocht a fhoilsithe.

Is é an Dr. Ciarán Ó Duibhín, iarléachtóir le Ríomheolaíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, an comhairleoir ríomhaireachta ó 1983 i leith. Is é a scríobh na bogearraí a d'úsaid an Foclóir Nua-Ghaeilge le 20 bliain anuas agus atá freagrach as taobh na ríomhaireachta den dlúthdhiosca.

Is é an chéad chéim eile, a deir an t-eagarthóir, corpas a chruthú don 20ú haois. Le modhanna nua teicneolaíochta is obair í seo a d'fhéadfadh daoine óga le heolas maith ar an Ghaeilge agus scileanna ríomhaireachta a dhéanamh áit ar bith in Éirinn. Feictear di gur tionscnamh é a bheadh thar a bheith fóirsteanach don Ghaeltacht.

Mheabhraigh sí a ndúirt an tOllamh David Greene in aighneacht a chuir sé faoi bhráid Acadamh Ríoga na hÉireann 30 bliain ó shin: "The strongest argument for treating at least the Dictionary of Modern Irish as a matter of urgency is that Modern Irish is less adequately recorded than any other official European language, and indeed less adequately than many languages which have no official status, such as Catalan and Provencal."