Corn an Domhain sa Pholainn

Beocheist:   Agus an Corn Domhanda beagnach buailte linn, tá scéalta sacair ag bogadh ó na cúl-leathanaigh spóirt go lár-leathanaigh…

Beocheist:  Agus an Corn Domhanda beagnach buailte linn, tá scéalta sacair ag bogadh ó na cúl-leathanaigh spóirt go lár-leathanaigh na bpáipéar nuachta sa Pholainn.

Beidh an Pholainn páirteach i gcomórtas na bliana seo a bheidh ag tosú ar 9ú Meitheamh sa Ghearmáin, comharsa bhéal dorais na Polainne. Tá an fhoireann Pholannach ina ball de Ghrúpa A in éineacht leis an nGearmáin, Eacuadór is Cósta Ríce.

Ach in ionad plé a dhéanamh ar na seansanna atá ag na peileadóirí Polannacha a gcluichí a bhuachan is dul ar aghaidh as an ngrúpa seo, is mó aird atá á díriú ag na meáin ar eachtraí a bheidh ar siúl thar an bpáirc imeartha.

Ní amháin go bhfuil scéalta a bhaineann leis an gCorn Domhanda á bhfoilsiú ar phríomhleathanaigh na nuachtán, tá siad á gcur i gcló in irisí do mhná chomh maith.

READ MORE

Agus is é an teachtaireacht a bhíonn ag na hirisí seo ná, "má rachaidh d'fhear go dtí an Ghearmáin i gcomhair an Choirn Domhanda, is ag ól ó mhaidin go faoithinn agus ag lorg an leathar a bhualadh a bheidh sé".

Cúpla seachtain ó shin bhí scéal den saghas seo in Wysokie Obcasy (Sála Arda), iris atá dírithe ar mhná a thagann amach gach Satharn leis an nuachtán Gazeta Wyborcza, atá cosúil le Irish Times na hÉireann.

Le béim a chur ar an ngné comhriachtana den Chorn Domhanda, baineadh úsáid as figiúirí. Sa Ghearmáin i gcomhair an chomórtais beidh 23 réiteoir, deich míle iriseoir agus ceithre chéad míle striapach.

Sin ceithre chéad míle bean na mbéas ainrianta nach ndiúltódh faic d'aon fhear riamh, is cuma aois, áille ná acmhainn. Sin slua meirdreach níos iomadúla ná daonra chathair Chorcaí, beagnach chomh líonmhar le daonra Lucsamburg.

I mBeirlín, príomhchathair na Gearmáine, rinne Turcach an drúthlann is mó sa Ghearmáin a oscailt sé mhí ó shin ar chostas €5 milliún i gcomhair an Choirn Domhanda.

Meastar go mbeidh i measc na meirdreach seo an-chuid ban a mbeidh an sórt seo oibre ar siúl acu in éadan a dtola.

Mínítear san alt, arbh iad mná meánaosta meánaicmeacha na Polainne an chuid ba mhó de lucht a léite, go mbeidh fir ag triall ar an gCorn Domhanda le faoiseamh bheith acu ón obair, ó argóintí leis an mbean chéile, ó leamhas an ghnáthlae. Cuirtear an cheist, cad a dhéanfaidh na fir seo agus an fheadóg séidte ag an réiteoir?

Tugtar freagra cuimsitheach ar an gceist. Seans go sílfeadh gnáthléitheoir an ailt seo gurb é an saghas fir a bhainfeadh úsáid as seirbhísí striapaigh le linn an Choirn Domhanda ná fear garbh óltach gan oideachas a mbíonn caint gháirsiúil á spalpadh aige.

Is maith an rud é mar sin go raibh agallamh le dlíodóir óg glanbhearrtha mar chuid den alt. Bhí an duine seo sa Phortaingéil dhá bhliain ó shin i dteannta a chairde i rith chomórtas sacar na hEorpa.

Ní gá a lua go ndearna an dlíodóir óg is a chairde íoc as cuideachta ban. Ainm níor thug, dála an scéil, mar nár theastaigh uaidh fearg a chur ar an mbean atá geallta leis.

Muna leor é sin mar ábhar imní do mhná na Polainne, tá seans go ndéanfar dochar dá bhfir agus an Corn Domhanda ar siúl. An mhí seo caite sa Pholainn bhí fórsaí frithsceimhlitheoireachta ón nGearmáin is ón bPolainn ag traenáil le chéile, ag déanamh ullmhaithe roimh na chéad chluichí. Meastar go mbeidh amhais an dá thír ag comhoibriú lena chéile le trioblóid a thógáil i gcaitheamh an chomórtais.

Ní daoine cneasta iad amhais peile na Polainne, nó tacaithe bréige, mar a thugtar orthu sa Pholainnis.

I ndiaidh bhás an Phápa an bhliain seo caite rinne dhá chlub peile in Kraków, a bhfuil a lucht leanúna ag troid le chéile leis na blianta, sos troda a fhógairt. Cracovia agus Wisla an dá chlub atá i gceist. Ba thacaí de chuid Cracovia é an Pápa ó bhí sé óg. Ba ghearr a mhair an sos troda, áfach, mar ón aimsir sin i leith maraíodh breis is cúigear de chuid lucht tacaíochta an dá chlub nuair a sádh sceana iontu.

Agus an Pholainn is an Ghearmáin taobh le chéile, ní bheidh sé deacair ar amhais Pholannacha áiteanna imeartha na gcluichí a bhaint amach. Agus fiú dá mbeadh ar gach Polannach a phas a thaispeáint agus é ag dul trasna na teorann, níl aon liosta amhas ag an bPolainn.

Rud amháin ar féidir bheith cinnte de ná muna n-éiríonn go maith leis an bhfoireann Pholannach i Meitheamh, is beag sochar a bhainfidh Polannaigh as an gCorn Domhanda.