Corcaigh na scannán agus na réaltaí

Tuarascail : Bíonn iarracht den eagla ar ghnátháitritheoir na gnáthchathrach roimh theacht an fhómhair

Tuarascail: Bíonn iarracht den eagla ar ghnátháitritheoir na gnáthchathrach roimh theacht an fhómhair. Bíonn air glacadh leis go bhfuil deireadh do-athraithe tagtha le ham saor is laethanta sínteacha an tsamhraidh agus tuigeann sé gur beag an tsuáilce a bheidh i ndán dó go dtí aimsir na Nollag féin, scriobh Alan Desmond

Ní hamhlaidh do mhuintir Chorcaí é, áfach. Bíonn fáilte is fiche roimh an bhfómhar san fhíor-phríomhchathair mar gur le linn na míosa seo a chuirtear tús le ceann de na himeachtaí cultúrtha is fearr a eagraítear in Éirinn.

Is beag duine sibhialta nach dtuigfeadh gurb é Féile Scannán Chorcaí atá i gceist agam, féile atá ag tarraingt idir dhéantóirí scannán is scannánghráthóirí ó cheann ceann na cruinne go Corcaigh ó cuireadh an fhéile ar bun i 1956.

Is é is mó a thréithríonn Féile Scannán Chorcaí ná éagsúlacht na saothar a thaispeántar mar chuid di. Chomh maith leis na scannáin mhóra chostasacha bíonn teacht ar chinn bheaga nach mbíonn éinne cáiliúil bainteach leo. Taispeántar raidhse scannán faisnéise gach bliain agus tá an teist ar Chorcaigh le fada gur áit í ina dtugtar an urraim do ghearrscannáin atá ag dul dóibh de cheart.

READ MORE

Agus ról chomh tábhachtach sin ag an bhféile i saol Chorcaí le breis is leathchéad ní ionadh go bhfuil eachtraí a thit amach i rith na mblianta mar chuid de sheanchas na cathrach faoin am seo.

Nuair a bhí scannán de chuid Martin Scorsese, The Last Temptation of Christ, le taispeáint i 1988 mhol easpag Chorcaí dá phobal gan freastal air agus bhí lucht agóide lasmuigh den Teach Opera ar oíche an taispeántais chun a míshásamh a chur in iúl.

Cé gur loiteadh pictiúrlanna san Fhrainc a chuir an scannán ar siúl, níor géilleadh do chur in aghaidh na n-agóideoirí ná do cháineadh na heaglaise. Taispeánadh an pictiúr is ní dhearnadh aon damáiste don Teach Opera, foirgneamh a ndéantar an phictiúrlann is mó in Éirinn de gach bliain le linn na féile.

Tá eachtraí eile fós a thugann le fios dúinn nach chomh fada siar sin a shíneann an liobrálachas is an chaoinfhulaingt atá mar bhunchuid de shaol an lae inniu in Éirinn. Ba i 1991 le linn Fhéile Scannán Chorcaí a rinne an t-iriseoir Nell McCafferty an chéad fhéile scannán homaighnéasach sa tír seo a oscailt. Is beag poiblíocht a gheobhadh an fhéile as a leithéid de thionscnamh anois.

Is é Mick Hannigan atá mar stiúrthóir na féile ó 1986 agus tá cuimhní gléineacha aige ar na raiceanna is déanaíagus ar na chéad fhéilte nach raibh aon chonspóid ag baint leo, na féilte a thug réaltaí scannán go Corcaigh den chéad uair 50 bliain ó shin: "Is cuimhin liom gur sheas mé le m'athair lasmuigh den Savoy ar Shráid Phádraig leis na sluaite chun spléachadh a fháil ar na réaltaí agus iad ag teacht amach as carranna móra spiagaí chun dul isteach sa phictiúrlann Savoy."

Ba bheag an taobh istigh de phictiúrlann a chonaic Hannigan ag an am, áfach, ná éinne eile nach raibh éadach foirmiúil is go leor airgid acu.

Tá Hannigan sásta go bhfuil an ghné sin den fhéile athraithe: "Bhí deighilt sna laethanta sin idir daoine a d'fhéadfadh ticéid a cheannach is daoine nárbh acmhainn dóibh é sin a dhéanamh. Ach anois tá Féile Scannán Chorcaí chomh daonlathach le gnáthphictiúrlann. Is féidir le héinne a bhfuil €8 nó €9 acu freastal ar scannán." Beidh €8 agus tuilleadh á gcaitheamh ag díograiseoirí scannán le linn fhéile na bliana seo. Meastar go gceannófar 30,000 ticéad i rith ocht lá na féile agus ní istigh i seomraí dorchaithe amháin a bheidh pictiúir á dteilgean ar scáileáin.

Míníonn Hannigan go bhfuil sé mar aidhm ag an bhféile Chorcaíoch ealaín na scannánaíochta a thabhairt amach as na hallaí féachana go láithreacha eile nach samhlaítear le taispeáint scannán de ghnáth.

Is leor sracfhéachaint a thabhairt ar liosta na láithreacha agus thuigfeá go bhfuil éirithe leis an bhféile an aidhm sin a bhaint amach. Beidh deis ag daoine féachaint ar scannáin óna ngluaisteáin ar scáileán millteach mór a thógfar gar do lár na cathrach. Beidh scannáin fhaisnéise á dtaispeáint i dteach tábhairne agus, mar chuid den tionscnamh "A Wall is a Screen", beidh gearrscannáin á dteilgean ar bhallaí áirithe timpeall na cathrach. Maíonn eagraithe an tionscnaimh seo go mbeidh an láthair is an scannán ag freagairt dá chéile is go nglacfaidh coisithe páirt sna scannáin seo.

Dá nuaí na láithreacha seo go léir ó thaobh thaispeáint na scannán de tá rud amháin eile a sháraíonn iad. Is déantóir scannán é John Smith a bhfuil sé scannán ghearra déanta aige i seomraí óstáin éagsúla timpeall an domhain is beidh na sé cinn le feiceáil i gCorcaigh i mbliana. Cá háit? I seomra óstáin an fhir féin, ar ndóigh, in Óstlann Jury.

Ní chiallaíonn na taispeántais thrialacha seo go bhfuil droim láimhe tugtha ag an bhféile leis an sean. Tá an tacaíocht atá léirithe ag an bhféile le blianta beaga anuas do scannánaíocht na Gaeilge fós ar siúl.

Beidh ceithre ghearrscannán a rinneadh faoin scéim Oscailt le feiceáil mar aon le prionta athchóirithe de shaothar Bob Quinn, Poitín an chéad scannán lánfhada a rinneadh trí mheán na Gaeilge.

Is pictiúr é seo a bhfuil Mick Hannigan ag tnúth go mór leis: "Chuaigh sé i gcion orm nuair a chonaic mé é den chéad uair beagnach 30 bliain ó shin. Chuir sé taobh den saol in iarthar na hÉireann os ár gcomhair nach nochtann na bróisiúir thurasóireachta agus ba léiriú iontach é ar thionchar na bochtaineachta ar an duine."

Ach ní hí Gaeilge na hÉireann amháin a bheidh le cloisteáil i gcaitheamh fhéile na bliana seo. Tá Seachd, an chéad scannán lánfhada a rinneadh i nGàidhilg na hAlban ar an gclár chomh maith.

Tugann lár an fhómhair an sioc talún is na hoícheanta fada céanna go Corcaigh is a thugann sé go gach cearn eile den tír ach tá saol cultúrtha chomh saibhir sin ag treibh na Laoi nach bhfaighimid uain chun aird a thabhairt ar anró aimsire ná ar ghiorracht lae.

Beidh Féile Scannán Chorcaí ar siúl ón Domhnach seo go dtí Dé Domhnaigh 21ú na míosa seo.

Eolas: www.corkfilmfest.org

Darach na nduaiseanna

Bhronn Oireachtas na Gaeilge agus Proibhinse Phroinsiasach na hÉireann an duais ba mhó riamh - €10,000 - ar úrscéal Gaeilge, An Cléireach le Darach Ó Scolaí, a scríobhann Pól Ó Muirí. Is as Casla, Co na Gaillimhe, údar an leabhair agus seolfar an saothar le linn Oireachtas na Gaeilge ar Chathair na Mart, Co Mhaigh Eo, mí na Samhna. Tá clú ar Ó Scolaí mar dhrámadóir agus ealaíontóir ach seo an chéad úrscéal dá chuid. Tá an scéal suite i ndeireadh an 17ú haois agus rinne na Proinsiasaigh urraíocht ar an chomórtas mar chomóradh ar bhunú Choláiste San Antaine, an Lobháin, 400 bliain ó shin. Dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, ar ócáid bhronnta na nduaiseanna liteartha sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Déardaoin seo caite: "Tugadh amach €55,000 ar fad i nduaiseanna. Tá na duaiseanna tábhachtach do scríbhneoirí agus tá an t-aiseolas agus an léirmheastóireacht chuiditheach a fhaigheann siad ar a gcuid saothar thar a bheith luachmhar." áitritheoir inhabitant - caoinfhulaingt tolerance - gléineach lucid

sracfhéachaint glance - suáilce virtue - urraim esteem