Comoradh Ui Riada

Tá Gael Linn ag reáchtáil ceolchoirme Dé Sathairn, 19ú Lúnasa, ag 8pm sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, le comóradh …

Tá Gael Linn ag reáchtáil ceolchoirme Dé Sathairn, 19ú Lúnasa, ag 8pm sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus shaothar an chumadóra chumasaigh, Seán Ó Riada.

Fuair Ó Riada bás i 1971 agus gan é ach dhá scór bliain d'aois. Mar sin féin, d'fhág sé a lorg ar fhorás an cheoil Ghaelaigh.

Cloisfear Seán Ó Sé agus baill de Cheoltóirí Chualann, Cór Chúil Aodha (a bhunaigh Ó Riada), Peadar Ó Riada agus an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird le linn na ceolchoirme.

Maireann cáil agus cuimhne Uí Riada i gcónaí mar dhuine a d'aithin saibhreas cheol na hÉireann agus a chuir faoi bhráid an phobail é ar bhealach nuálach.

READ MORE

Eolas: 01-4170000