Clár ón chillín

CRAOLFAIDH Raidió na Life (106

CRAOLFAIDH Raidió na Life (106.4FM) clár úr faisnéise An tAthair Seosamh Mallin: Páiste na Réabhlóidele Brian Ó Tiomáin Dé Luain ag 6pm agus an maidin dár gcionn ag 10am. Is mac é an tAthair Mallin (97), le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916.

Labhrann an tAthair Mallin faoin oíche sular cuireadh a athair chun bás nuair a bhí sé féin sa chillín leis; faoin méid a chonaic sé nuair a bhí sé i láthair ag buamáil na gCeithre Cúirteanna i 1922, sochraid Arthur Griffith agus saol sa tSín nuair a tháinig Mao Tse Tung i gcumhacht

Labhrann Úna Ó Calanáin, gariníon le Michael Mallin, faoi chuimhní cinn a hathar, Seamus Mallin, deartháir an Athar Mallin a bhí sa chillín an oíche úd freisin.

An scéim “Fuaim agus Fís” d’Údarás Craolacháin na hÉireann a mhaoinigh an clár.