'Ceart; ni gar'

Thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chéad óráid phoiblí ag Tóstal na Gaeilge oíche Aoine i nGaillimh.

Thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chéad óráid phoiblí ag Tóstal na Gaeilge oíche Aoine i nGaillimh.

Dúirt sé go raibh an tAcht Teanga ar an phróiseas pleanála "is cuimsithí ar tugadh faoi ó bunaíodh an Stát. Ní raibh, go dtí seo, aon mhórphlean aontaithe reachtúil againn maidir le cúrsaí teanga ach beidh bunús an mhórphlean sin, ó thaobh an Stáit de, sna scéimeanna atá le socrú anois faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla."

Ceart a bhí i seirbhís Ghaeilge, a dúirt sé, ní gar. Bheadh dearcadh stuama praiticiúil tomhaiste aige ar an obair a bheadh idir lámha aige agus lorgódh sé páirtnéireacht leis na eagrais Stáit agus phoiblí lena mbeadh sé ag plé:

"Mar mhodh oibre beidh muid ag éileamh ar bhainistíocht na státseirbhíse a cuid dualgas dlíthiúil a chomhlíonadh trí mhealladh, trí mholadh, trí ghríosadh agus trí speagadh ach, i gcúl ár gcinn i gcónaí, beidh a fhios againne agus beidh a fhios acusan freisin go bhfuil uirlis eile againn - an bhagairt - an bhagairt atá tugtha dúinn faoin Acht. Mar a deir an mana Béarla - "Tread softly but carry a big stick." "

READ MORE

Níor ghlac sé go mbeadh an iomarca costais ag baint le seirbhísí Gaeilge; níorbh fhéidir "praghas a chur ar ár ndúchas, ár n-oidhreacht ná ar ár gcultúr". Ní "Acht à la carte" a bhí sa reachtaíocht; bhain soiléireacht léi ó thaobh chearta an phobail agus dhualgais an Stáit de.