Ce ta freagrach?

An Peann Coitianta: Iad ina detritus daonna. Buidéil fholmha á gcarnadh. Cannaí batráilte stáin. Pacáistiú bia

An Peann Coitianta: Iad ina detritus daonna. Buidéil fholmha á gcarnadh. Cannaí batráilte stáin. Pacáistiú bia. Earraí diúscartha. Guma coganta. An dríodar as an mbosca Avonmore ag sileadh ón dtaobh istigh den bin.

NÍ hiad a bheith neamhchosúil liom ón dtaobh eile den mbord uaim a sheolann cuilithíní uafáis tríom.

Ógánaigh iad. Berserkerei. An dream a théann le báiní. Ainmneacha baiste aonsiollacha orthu, agus leasainmneacha sráide. An baisteadh sráide amháin a mheánn, é baileach, gonta, tréithe riachtanacha a chéile á insint aige faoi luas lasrach na coiriúlachta. Iad cneasbhán, tréigthe, mílí na buíne a bhíonn de shíor istigh isló, amuigh istoíche.

Hallaí snúcair. Tithe óil. Ag scóráil. An timpeall craosach. Othair ospidéal siciatrach. Stánáilte ag drugaí leighis, meiteadón, druga isteach, daonnacht amach. Iad ídithe ag an saol gan iad an 20 bliain féin.

READ MORE

Canúintí Béarla as tuaisceart Longfoirt, oirthear Mhaigh Eo, iarthar Ros Comáin, agus Baile Átha Cliath. Fireannaigh. Iad ina bhfiachais fhadtéarma i gcomhardú na n-íocaíochtaí faoi cheannteideal éigin sna leabhair chuntais.

Seirbhísí cúraim stáit de shaghas éigin. Cúram sóisialta sa bhaile, sa scoil, cúram coinneála ar feadh a saoil. Tá graf in áit éigin a insíonn cúrsa a saoil, ón gcéad ionad coinneála go dtí an ceann cúrsa.

No, ní hiad a bheith neamhchosúil liom ón dtaobh eile den mbord uaim a sheolann cuilithíní uafáis tríom.

Iad a bheith ann ina gcruth daonna aondathach anois is cás liom. A thuilleadh acu taobh linn i seomra aclaíochta ag imeacht de ruaigeanna ar mhuilte meilte coise, ag ardú meáchan, ag rámhaíocht san aer. Léithe luaidhe an tsolais nach bhféadfadh aon neart coirp a ardú.

Na faireoirí. Na heochróirí. Na báillíní snúcair ildathacha an t-aon ildath amháin sa léithe. Gan oiread is bláth, sceach, fiaile. Thiocfadh craos dathanna ar dhuine, leis. Dathanna súl na gcuairteoirí.

Dathanna a gcuid éadaigh. Dathanna liopaí. Dathanna bia ar phlátaí. Dathanna laethanta na seachtaine. Dathanna an phaiste spéire os ár gcionn. Dathanna guthanna. Dathanna na fola. Dathannna síceadéalacha na ndrugaí. Dathanna feoite an tséasúir.

No, ní hiad a bheith ar aondath liom ón dtaobh eile den mbord uaim a sheolann cuilithíní uafáis tríom.

Fuinneamh ceansaithe a gcoirp. Fós, boinn na gcos agus na glúine ag preabarnaigh le rithim intinne nár bhain an druga leighis amach. Abairtí sciotaithe. Na súile gan a bheith amuigh ar chipíní níos mó ach iad ar ancaire corrach i soicéid na súl ag meiteadón.

An t-ól in aois a dó dhéag. Vadca. Díchuimhne. Gan léamh ná scríobh. B-U-T. Ag marcaíocht ar chúl leoraithe guail ó na duganna. Bradaíl charranna. Drugaí crua. Luas a bhaint amach sna feithiclí goidte ar aon luas leis an héaróin a chuaigh in éag san fhuil.

Go dtí an chéad scór eile i sruthchúrsa na fola. Timpistí. Robálacha le harm tine. Sáthadh le faobhar scine. Iad a fheiscint laistiar d'aonghné a scéalta, ina nduine is ina nduine. A n-easpa iomlán tuisceana. A meanmna naíonda i gcoirp dhaoine fásta.

No, ní hiad a bheith brandáilte ina n-andúiligh ón dtaobh eile den mbord uaim a sheolann cuilithíní uafáis tríom.

Is beag a d'fháisc éinne beo riamh iad lena saol. Ní mheánn teoiric shóisialta ar bith anseo. Ach gníomh grámhar. An fuinneamh coirp ar mhinicíocht theann atá ar tí pléascadh. Tagann andúil i dtír ar an teannas sin. Fuasclaíonn, maolaíonn an phian.

An seolphíopa ag sceitheadh sa tsruth. Fuíoll ospidéal. Dramh daonna. An suíomh seandálaíochta á chartadh. Cuimhne na ndaoine. Díchuimhne ár sean. Cartaimis agus cognaímis.

Cognaímis agus steallaimis. Tá ailp fhíochmhar cruthaithe againn féin, dár ndéantús féin, agus is iad seo cuid den phraghas atá le n-íoc as. Beidh praghas an scoir le n-íoc fós.

No, is mé a bheith ar aon dul leo ón dtaobh eile den mbord uathu a sheolann cuilithíní uafáis tríom.

Gan aon bholadh cócaireachta san áit. Gan aon bholadh sáile. Gan aon bholadh sléibhe. Gan aon teas tinteáin. Gan aon chaidreamh suáilceach. Gan aon chomhrá muinteartha. Cá dtosnófaí ar thosnú ar thuiscint a thabhairt dóibh?

Tosnú leis an A-B-C. Tosnú leis an maith is leis an olc. Le athluachanna an duine faoina ghné shíoraí. Bloic thógála sochaí an fhéinmheasa. Muna mbímid freagrach inár saol féin, conas is féidir a bheith freagrach i gcothú daoine eile?

Sea, is mé a bheith freagrach ón dtaobh eile den mbord uathu a sheolann cuilithíní na tuisceana tríom.