Cairt Teanga

Seolfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Cairt Cearta Teanga seachtain ón lá inniu, cairt dátheangach a bheidh ann …

Seolfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Cairt Cearta Teanga seachtain ón lá inniu, cairt dátheangach a bheidh ann a chuirfidh i gcuimhne do dhaoine gurb ann d'Acht na dTeangacha Oifigiúla agus feidhm leis. Tá rún ag an Choimisinéir an chairt a scaipeadh ar eagrais Stáit, ar scoileanna, leabharlanna agus ar fhoirgnimh phoiblí.

Bhí Ó Cuirreáin ag caint ar chomhdháil idirnáisiúnta ar chúrsaí teanga agus dlí i nGaillimh an tseachtain seo caite: "It is my hope that in finding space for the display of this charter in their public spaces, state organisations will create a place and space for the Irish language in their own endeavours."

Dúirt sé go raibh na forálacha ar fad a bhain le hAcht na dTeangacha Oifigiúla le cur i bhfeidhm ar 14ú, Iúil: "The Official Languages Act is a shield not a sword - it protects Irish language rights but does not injure in any way English language rights. And we are talking of rights here - rights not privileges." Mar sin féin, ní thiocfadh le reachtaíocht ar bith - Acht na dTeangacha Oifigiúla san áireamh - an Ghaeilge a shábháil. Ba iad muintir na hÉireann amháin a dhéanfadh sin ach bhí ról ar leith ag an Stát agus na heagrais Stáit áiseanna a chur ar fáil a chuideodh leo an teanga a úsáid.

Níor thug an reachtaíocht ar dhaoine nó ar státseirbhísigh an teanga a labhairt in éadan a dtola; thug an reachtaíocht dúshlán bhainistíocht na n-eagras Stáit roinnt seirbhísí teanga a chur ar fáil do lucht na Gaeilge.

READ MORE

Dúirt sé: "This legislation has had a mixed press over the past number of years ... However, there has also been criticism by some within the English-language media, often based on misunderstanding or misinterpretation of the Act itself and some comments which could best be described as contradictions - partly truth and partly fiction."