Caint sa chathair

Tá Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath ag eagrú dhá chaint

Tá Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath ag eagrú dhá chaint. Labhróidh Nuala Ní Dhomhnaill, file, ar "Féiniúlacht agus an Fhilíocht" seachtain ón oíche anocht ag 6.30 p.m. sa leabharlann, 138-144 Sráid an Phiarsaigh.

Beirt fhilí eile, Louis de Paor agus Aifric Mac Aodha, a bheidh ag léamh Dé Céadaoin, 5ú Bealtaine, ag 6.30 p.m. san áit chéanna.