Bua, bagairte agus buamai

Beocheist: Cheana féin, tá ionradh na hIaráice ag imeacht as cuimhne

Beocheist: Cheana féin, tá ionradh na hIaráice ag imeacht as cuimhne. Cá bhfuil an céad míle duine a mháirseáil i mBaile Átha Cliath? Cá bhfuil na litreacha feargacha chuig na nuachtáin?

Ar bhuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá an díospóireacht chomh maith leis an gcogadh? Nó an é gur thuirling cuileog eile ar phána na fuinneoige lenár n-aird a mhealladh?

Bhí práinn le guth a chur le himní an phobail faoina raibh beartaithe ag SAM san Iaráic sular leag oiread is saighdiúir amháin dá gcuid cos ar thalamh na tíre sin.

Ach má bhí práinn le himní a léiriú sula ndeachaigh fórsaí Mheiriceá isteach ann, nach bhfuil sé chomh práinneach céanna anois a chur i gcuimhne do dhaoine go raibh an cogadh seo mídhleathach agus nach bhfuil aon fhianaise faighte ó shin a dhéanfadh dleathach é.

READ MORE

Má tá SAM agus an Bhreatain ag súil go mór go ndéanfaidh daoine dearmad de na cúiseanna cogaidh a tugadh, tá dul amú orthu. Cheana féin, tá scéalta á sceitheadh as foinsí slándála ar dhá thaobh an Atlantaigh gur rognaíodh codanna as tuairiscí faisnéise chun cúiseanna cogaidh a chur i láthair an phobail - nár tugadh ach cuid den bpictiúr.

Is fíor gur chuir an cogadh seo deireadh le réimeas gránna deachtóra agus ba chóir saoirse nua mhuintir na hIaráice a cheiliúradh. Níor chruthaigh rud ar bith bithiúntacht Saddam Hussein agus a fhoireann lofa chladhartha níos fearr ná a gcríoch.

Ar aon intinn a bhí an saol mór faoin ngá a bhí le tíorán Bhagdad a ruaigeadh. Ach an áit a raibh an t-easaontas ná ar chóir cabhrú le muintir na hIaráice iad féin é a dhíbirt agus ligint dóibh a rogha féin rialtais a bhunú nó brú idirnáisiúnta chomh mór sin a chur ar Saddam go mbeadh rialú na tíre beagnach dodhéanta aige.

Níor léir don gcuid is mó den domhan go raibh aon bhagairt dhíreach láithreach ón Iaráic agus dhealródh sé ón easpa mhór fhianaise, ó ghabh na Meiriceánaigh an tír, nach raibh a leithéid de bhagairt ann.

Roimh an gcogadh, mhaígh urlabhraithe Mheiriceá agus na Breataine go raibh armlón léirscriosta ag an Iaráic de dhá shaghas: airm a sceithfeadh ceimicí, gas nimhe nó galair mharfacha agus bunábhar chun airm núicléacha a fhorbairt. Bhí siad buartha freisin faoi fhorbairt diúracán a rachadh thar 100 míle.

Bhéimnigh siad arís agus arís, ní amháin go raibh na hairm seo ag Saddam, ach go raibh sé cruthaithe aige go n-úsáidfeadh sé iad.

De réir eolais atá anois á sceitheadh as na seirbhísí rúnda, dúradh go lom díreach i dtuarascáil de chuid an CIA gur bheag an baol go n-úsáidfeadh Saddam ceimicí sa gcogadh nó "amach anseo". Níor poiblíodh ach cuid den tuarascáil seo a bhain le hanailís ar an chontúirt mhór go ndéanfadh sé é.

Ó thaobh airm a scaipfeadh galair mharfacha de, mhaígh Colin Powell os comhair cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go raibh 18 saotharlann ar rothaí ag Saddam chun na hairm seo a fhorbairt. Ní bhfuarthas oiread is ceann amháin díobh go dtí seo.

Céard faoi na diúracáin sin? Ní bhfuarthas aon diúracán fadraonach ar nós Scud cé gur mhaígh aire cosanta na Breataine Geoff Hoon gur úsáideadh Scudanna i rith an chogaidh.

Maidir le hábhar núicléach, mhaígh rialtas na Breataine go raibh litreacha acu a chruthaigh gur iarr rialtas na hIaráice úráiniam ar rialtas na Nigéire. Tá sé fógartha ag Hans Blix é féin gur cáipéisí falsaíochta atá iontu.

Agus na líomhaintí go raibh baint ag Saddam le Al Qaeda agus grúpaí eile sceimhlitheoirí? Níl fianaise iontaofa ar bith tugtha go raibh a leithéid ann. Níl sna cáipéisí a d'fhoilsigh an Sunday Telegaph is deireanaí ach cur síos ar iarracht chun dul i dteagmháil le Bin Laden i 1998.

Tá breathnaitheoirí áirithe i Meiriceá den tuairim anois go raibh cúpla cúis eile, b'fhéidir, taobh thiar den gcogadh seo, cinn nach luífeadh chomh maith sin leis an bpobal. Slándáil Iosrael a neartú a bhí i gceann amháin acu agus ta sé sin curtha i gcrích. Ach an phríomhchúis ná taispeántas domhanda ollfhórsa a thabhairt chun an bhagairt ó sceimhlitheoirí a mhaolú. Ach tá a mhalairt curtha i gcrích acu.

An ceacht is mó as an gcogadh seo atá le foghlaim ag tíortha nach dtaitníonn SAM leo gur chóir airm núicléacha a fhorbairt go rúnda ar mhaithe lena gcuid slándála féin.

Féach mar atá an ceacht sin foghlamtha go maith ag an gCóiré Thuaidh agus bí cinnte nach ndeachaigh sé amú ar roinnt tíortha eile.