Bua agus diomua an reathai

Beocheist: B'aisteach an pictiúr de Shonia O'Sullivan bheith timpeall iomlán ar chúl an Aetóipigh a bhuaigh an rás 5000 méadar…

Beocheist: B'aisteach an pictiúr de Shonia O'Sullivan bheith timpeall iomlán ar chúl an Aetóipigh a bhuaigh an rás 5000 méadar oíche Luain seo caite. Bhuaigh sí neart rásaí in aghaidh na nAetóipeach roimhe sin. Ach mar a dúirt sí féin: "Go fíreannach, ní raibh sé ann anocht."

Caillteoir. Focal salach é go háirithe ar na saolta seo mar déanann duine a sheacht ndícheall gan a bheith ina chaillteoir.

Buaiteoir. Focal álainn é. Dhéanfadh duine rud ar bith chun an lipéad a thabhairt air féin. Uaireanta léimeann duine ar ghluaisrothar agus cuireann sé é féin in ospidéal ag mungailt rud éigin faoina chéasadh agus aiséirí.

Níos fearr ná sin tá daoine ann a ghoglaíonn buidéal piollaí, piollaí nach bhfaighidh scrúduithe drugaí a rian ina gcuid fola.

READ MORE

Céard faoi chás comh-Chorcaíoch Shonia, Cathal Lombard, ar rugadh air ag tógáil "eritrighineáin" (EPO), hormón a bhfuil cosc air i lúthchleasa. Tar éis breith air, bhí sé de dhásacht aige a rá go raibh gach lúthchleasaí ag tógáil drugaí.

Ach seo chugainn Sonia, bean álainn nádúrtha ag rith thar ceann a tíre bige. Níor tharraing sí riamh náire ar na cluichí Oilimpeacha, a tír ná ar a spórt mar a rinne Lombard.

Níor éirigh sí ioscadach nuair a chonaic sí an dream óg ag dul thairsti lena gcosa in airde. Ina leaba sin agus í ag féachaint nach dtabharfadh sí bonn ná barr léi ar an timpeall deireanach di, chroith sí lámh agus shéid sí póg chun a lucht tacaíochta.

Is mór an t-éacht a rinne sí a bheith ann ar chor ar bith. Tá sí 34 bliain d'aois. Rinne sí traenáil mhaith chrua bheith maith go leor le rith sna hOilimpeacha. Is as tír réidh í, míbhuntáiste i gcomparáid leis na tíortha san Afraic a bhfuil airde iontu.

In ainneoin go leor constaicí, easpa áiseanna in Éirinn san áireamh, rith sí go sármhaith i neart rásaí ar fud an domhain ina réim.

Sin ráite, dúradh agus scríobhadh gur lá brónach a bhí ann. Ná habair nach ndearna sí rud suntasach, rud nach bhfuil a lán daoine in ann a dhéanamh. Níor fhan sí sa bhaile ag rá go raibh an aois ag luí uirthi agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh sí dul ar aghaidh.

Brónach mar gur choinnigh sí uirthi ag rith go dtí an deireadh, cuma an chríoch?

Brónach mar gur fhan sí ina rás deireanach Oilimpeach; mar nár thapaigh sí an deis éirí as nuair ba léir di nach raibh seans dá laghad aici?

Thaispeáin sí don lucht féachana go raibh an mianach ceart inti cailliúint mhór a fhulaingt gan a bheith searbh. Thairis sin, ní dhearna sí aon ghearán nach raibh a dóthain stéaróideach inti chun an rás a bhuachan.

Deir Aire an Spóirt, John O'Donaghue, go mbeidh seans ag lúthchleasaithe na hÉireann bonn a bhuachan i ndiaidh ocht nó 16 de bhlianta.

B'fhéidir go ndúirt sé sin chun ábhar lúthchleasaithe a spreagadh nó chun béim a chur ar an droch-choinníoll atá ar an spórt in Éirinn.

Ar scor ar bith, caithfidh na traenálaithe in Éirinn níos mó a dhéanamh inspioráid a thabhairt do na lúthchleasaithe bonn a bhuachan (gan stéaróidigh ar ndóigh).

Tá cúrsa á thabhairt ar na laethanta seo darb ainm, "Síceolaíocht an Spóirt". Má chuirtear cuspóir ró-íseal romhat comhlíonfaidh tú do bhrionglóid le háit íseal, simplí go leor.

Chun a bheith i do bharraí caithfidh tú smaoineamh mar bharraí. Agus caithfidh tú machnamh a dhéanamh air go mbeidh neart ócáidí ann nach mbeidh tú i do bhuaiteoir. Leis an meon a dhéanamh níos daingne caithfidh tú neart teipeanna a fhulaingt.

Ní dhearna na lúthchleasaithe Éireannacha aon rud sna cluichí Oilimpeacha an samhradh seo ach ba sholas í Sonia sa dorchadas. Bhí sí in ann a bheith páirteach gan a bheith ina cogaslann cé go mbíonn an cathú i gcónaí ann drugaí a chaitheamh.

Ní buaiteoir bréige í.

Sin é an fáth go raibh Sonia chomh hálainn sin as a rás deireanach a chríochnú.

Cuireadh fáilte mhór roimpi toisc gur tháinig sí timpeall an chúinne le meangadh gáire uirthi agus gan a fócas ar an rás amháin ach ar na daoine a thacaigh léi ina saol rásaíochta.

Is cruthú é nach bhfuil sna hOilimpeacha ach cluichí agus go bhfuil i bhfad níos mó rudaí ann atá níos tábhachtaí ná spórt, is é sin, an tuiscint nach bhfuil ionainn ach daoine a mbíonn bua againn scaití agus díomua againn scaití eile.