'Bláthanna, féar agus fiailí' ag fás as díon

Tá "bláthanna, féar agus fiailí" ag fás as díon Ghaelscoil Chluain Meala, Co Thiobraid Árann, a dúirt príomhoide na scoile, Treasa…

Tá "bláthanna, féar agus fiailí" ag fás as díon Ghaelscoil Chluain Meala, Co Thiobraid Árann, a dúirt príomhoide na scoile, Treasa Nic Dhiarmada, agus ní raibh múinteoirí ná tuismitheoirí sásta leis an fhómhar áirithe seo.

Bhí an scoil lonnaithe i bhfoirgneamh a tógadh sa bhliain 1830 agus bhí an díon "an-dainséarach faoi láthair" a dúirt Nic Dhiarmada. Thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta airgead don scoil leis an chuid tosaigh den díon a dheisiú ach níor cóiríodh an chuid ar chúl na scoile, rud a d'fhág go raibh sclátaí ag titim de agus bhí sin ina ábhar imní ag an fhoireann agus 211 dalta a bhí ag ag freastal ar an scoil.

Tá coiste na Gaelscoile ag cur brú ar an Roinn suíomh buan a fháil don scoil ó bunaíodh í sa bhliain 1994. Dúirt Nic Dhiarmada gur tugadh le fios don scoil, trí pholaiteoir áitiúil, go raibh socrú déanta go bhfaighidís suíomh ó Institiúid Thiobraid Árann. Níor tharla tada go fóill agus bhí "an mhoill uafásach" ag cur frustrachais ar gach duine: "Nílimid cinnte cá mbeidh nó cathain a bheidh an suíomh sin ar fáil."

Ó tharla go raibh an scoil ag feidhmiú i bhfoirgneamh nár leo, bhí orthu cíos a íoc. Bhí an Roinn ag díol 95 faoin gcéad de sin ach d'fhág sin go raibh ar lucht na scoile airgead a bhailiú leis an chuid eile a ghlanadh. Bhí rudaí eile le déanamh acu seachas bheith ag bailiú airgid.

READ MORE

Ní raibh sí sásta leis an achar ama a bhí an Roinn ag caitheamh le suíomh a aimsiú agus a cheannach. B'ábhar práinne é bogadh as an fhoirgneamh ina raibh an scoil. Lena gcás a phoibliú, bhí an scoil ag reáchtáil "scoil scairte" inniu ach, a dúirt Nic Dhiarmada, is istigh sa seanfhoirgneamh a bhí an scoil scairte i ndáiríre.

D'eisigh an Roinn ráiteas i mBéarla, á rá: "The Property Management Section of the Office of Public Works, which acts on behalf of the Department of Education and Science in relation to site acquisitions generally, has been requested to source a site for the school in question.

"A number of issues need to be clarified in relation to the site options being considered at present. As soon as these issues have been resolved the matter of the site acquisition can be progressed further."