Bionn tarbhchomhrac acu i Lima ar La Nollag

Tuarascáil: Agus tú ag ceiliúradh na Nollag agus na Bliana Úire d'fhéadfá speach a chur sa chomhrá má bhíonn tost ann - ní dócha…

Tuarascáil: Agus tú ag ceiliúradh na Nollag agus na Bliana Úire d'fhéadfá speach a chur sa chomhrá má bhíonn tost ann - ní dócha go mbeidh, ach ní bheadh fhios agat - leis an eolas atá san alt seo. Mar shampla, "An bhfuil a fhios agaibh go mbíonn tarbhchomhrac i Lima, Peiriú, acu ar Lá Nollag?"

Agus más tost fada a leanann an mhír eolais sin, ná bí buartha. B'fhéidir go raibh tú ag caint an iomarca ar aon nós.

N'fheadar cad a shíl bundúchasaigh Mheiriceá Theas nuair a chonaiceadar an ealaín sin an chéad lá? Bheadh sé deacair ar chuma éigin Indiach a shamhlú agus sleá á sá ina lámha aige mar spórt.

Príomhthreibh Pheiriú iad na Quechua. Is iad a dheineann na mainséir Nollag de ghnáth. Greanta as adhmad nó as cloch ghallúnaí a bhíonn na fíoracha ann agus iad gléasta mar conquistadores. Sárshampla, má bhí a leithéid uait, d'éifeacht an impiriúlachais é sin, dar liom, is é sin nach gcuirfídís gnáthéadach na cosmhuintire ar an Teaghlach Naofa.

READ MORE

Agus an turcaí á ghearradh, d'fhéadfá a mheabhrú don líon tí go n-iompaíonn Críostaithe na hÉigipte ina veigeatóirí idir 25ú Samhain agus oíche an 6ú Eanáir. Agus má thosnaíonn daoine ag féachaint ort amhail is dá mbeadh dhá chloigeann ort - ní móide é - d'fhéadfá a chur in iúl dóibh gur sa Ghaeilge atá an t-altú roimh bhia is gonta dá bhfuil ann: "Bia a shásaíonn, Dia a ghrásaíonn."

Beidh an Fear Thuas buíoch díot mura mbíonn éinne eile.

Má thaitníonn an turcaí le gach éinne - bhuel, níor thaitin sé leis an turcaí ... ach fágaimis marbh mar scéal é - d'fhéadfá a rá leo: "Nach méanar daoibh is bhur mbolg lán agaibh! An tIourach bocht, cad a fhaigheann seisean ar Lá Nollag? Leite! Nó trosc úr má bhíonn an t-ádh leis." Bainfidh sé sin stangadh astu.

Tugann duine éigin ardmholadh do na maisiúcháin, an cuileann nó an drualus, abair. Seo do sheans: "I bPoblacht na Seice, tugann siad géag den chrann silíní isteach sa tigh. Má bhláthaíonn sí aimsir na Nollag beidh rath i ndán don líon tí."

Tá tú ag déanamh go diail. Tá ar m'anam. Anois, an bhfuil cat agaibh sa bhaile? Má tá, fan go gcloise tú mí-abha uaidh. Sin leid duit: "Sa Danmhairg, fágtar babhla ríse amuigh don Julnisse - leipreachán mioscaiseach a chónaíonn san áiléar. Mura n-íosfaidh seisean é bí deimhin de go n-íosfaidh an cat é."

Is cinnte go mbeidh gach éinne an-tógtha ar fad leis an scéilín sin.

Mura bhfuil cat agaibh is dócha go bhféadfá Hans Blix ... gabh mo leithscéal, Hans Brorson a tharraingt isteach sa scéal. File Danmhargach. Easpag ab ea é leis. Is iomaí dán agus carúl Nollag a chum sé:

Sinne, a Dhia, do pháistí féinig

Táimidne tagtha chun do mhainséirín,

Soilsigh dúinne ár n-aigne is ár gcroí

Sé an bóthar chugatsa an t-aon slí...

Go hiontach ar fad. Anois, féach amach an fhuinneog agus abair rud éigin faoin aimsir. An bhfuil sneachta ann? An mbeidh sneachta ann amárach?

Pé ar domhan scéal é, d'fhéadfá a fhógairt don chomhluadar go gcuireann siad siogairlíní cadáis ar na crainn san Airgintín - chun sneachta a mheabhrú dóibh. Má bhíonn sé ag cur báistí ní gá duit faic a rá. Gheobhaidh tú seans eile ar ball.

Caracas, an Veiniséala, cuir i gcás. Seo ceann maith duit anois. N'fheadar conas a tharraingeoidh tú isteach é, áfach. Má bhíonn bladar éigin i dtaobh cúrsaí polaitíochta ar siúl, abair. (Rud nach ceart agus beile á ithe agat, go háirithe béile na Nollag). Ar aon nós, d'fhéadfá a rá go bhfuil tú ar son nó i gcoinne an cheannaire atá thall ansin faoi láthair. (Bíodh a ainm ar eolas agat).

Nó d'fhéadfá ceist a chur ar a bhfuil i láthair: "Cad is príomhchathair Veinséala ann? Caracas. Gan dabht. Meabhraíonn sé sin dom nós atá acu sa chathair sin aimsir na Nollag. Níl aon mhíniú ceart agam air ach is fiú é a insint ar aon nós.

"Ceanglaíonn páiste píosa téide d'ordóg a choise. Fágann sé an chuid eile den téad ar crochadh ón bhfuinneog. Go luath an mhaidin dár gcionn, cé a thagann timpeall ach lucht scátaí rothach agus tarraingíonn siad an téad."

Níl bun na barr leis mar scéal ach oireann sé go maith don Nollaig mar sin féin, tráth nach mbíonn an inchinn ag feidhmiú i gceart, de dheasca lag-jócanna na bpléascóg Nollag, an iomarca a bheith ite agus ólta ag daoine agus mar sin de.

Is dócha go mbeidh titim na hoíche ann faoin am seo. Coinnigh súil ghéar amach. An bhfuil réalta fós sa spéir? Má tá, ná caill an deis.

"An bhfuil a fhios agaibh, sa Pholainn bíonn an teaghlach amuigh ag fanacht go bhfeicfidh siad chéadréiltín na hoíche - an gwiazdka, mar a deirtear, má táim á rá i gceart. Smaoiníonn siad go léir ansin ar an réalta a shoilsigh os cionn an mhainséir. Tá sé ar cheann de na gnásanna Nollag is diamhaire dá bhfuil ann."

Go maith. Cleacht an focal gwiazdka. Tá sé deacair, admhaím. Táim fein á chleachtadh le seachtain anuas.

Agus abair i gcónaí, "má táim á rá i gceart..." Beidh a fhios ag daoine ansin nach saoithín thú, gur duine umhal is ea thú. Riail is ea í sin a bhaineann leis an bPolainnis amháin. Ná habair "má táim á rá i gceart" le gach focal stróinséartha - nó sílfidh siad gur gamal atá ionat.

Gamal? Beidh siad á shamhlú gur saghas Harry Statal atá ionat (nó Bean Harry Statal) agus an méid eolais atá agat faoin domhan mór. Má chuireann duine éigin ceist ort: "Cad a dheineann na Polannaigh mura dtagann an réalta amach? An bhfanann siad ansin ag siocadúireacht ar feadh na hoíche?"

Mo chomhairle dhuit, ná freagair an cheist sin. Cuir bachlóga (na Bruiséile) i do dhá chluas más gá ach ná héist leis! Níl freagra ar an gceist sin. Ná tabhair aird air - ar chraiceann do chluaise! Sín pléascóg mhór Nollag go dtí an duine sin agus iarr air í a shá - gabh mo leithscéal, í a tharraingt - ach ná freagair an cheist.

B'fhéidir gur saghas leathghealt is ea an duine sin ar aon nós. Más fíor, d'fhéadfá tagairt do Dhamhsa na nGealt, El Baile de los Locos, mar a thugtar air, a tharlaíonn in Fuentecarreteros, in Cordoba. Searmanas buile é seo. An phríomhghealt El Loco Mayor a thugtar air. Tugann sé féin agus a chomhdhamhsóirí cuairt ar do thigh agus deineann siad a seacht ndícheall tú a chur as do mheabhair.

Bímis buíoch nach bhfuil a leithéid againn féin. Táimid sách dona mar atá. (Bhuel, tá an Dreoilín fós ann, ar ndóigh...in áiteanna...)

B'fhéidir go gcuirfeadh duine éigin ceist ort agus é ag fanacht le maróg na Nollag: "An bhfuil aon eolas agat ar ghnásanna Nollag i Meicsiceo?" Agus an freagra? "Mar a tharlaíonn, tá! Titeann rud éigin an-aisteach amach in Oaxaca ar an 23ú Nollaig. Oíche na Raidisí a thugtar air. Talamh clochach atá san áit sin agus dá réir sin bíonn cuma an-aisteach ar na raidisí ann. Tugann sé sin deis do na healaíontóirí áitiúla cruthanna níos aistí fós a mhúnlú astu - gheofá radharc éigin as an mBíobla ar cheann acu, abair, nó finscéal de chuid na nAistéiceach. Bíonn duais mhór airgid le buachan agus téann siad ar fad craiceáilte ina dhiaidh sin. Drabhlás agus a leithéid sin. Sin Oíche na Raidisí dhuit."

Tá sé in am agat do bhéal a dhúnadh anois, tamall, mar tá an mharóg ar an mbord. Tabhair seans do dhuine éigin eile a chuid a rá.

Ar ndóigh, conas a leanfá an méid sin thuas? Ní bheidh fonn ar éinne eile a bhéal a oscailt. Beidh ort leanúint ort, a dhuine. Ach táimse rite as spás. Ar do chonlán féin atá tú feasta.

Gearr amach an t-alt seo. Beidh tú in ann leas a bhaint as bliain i ndiaidh a chéile.

• File, fear haiku agus aistritheoir é an t-údar. An dá leabhar filíochta is déanaí uaidh Eachtraí Krishnamurphy agus Krishnamurphy Ambaist!