Bille foilsithe

D'Fhoilsigh an Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002 Dé Luain

D'Fhoilsigh an Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002 Dé Luain. D'fháiltigh uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, roimh an reachtaíocht i bpreasráiteas.

Léirigh sé imní faoi mhíreanna áirithe di: "Tá cuma na maitheasa ar an mBille ar chéadléamh de agus cé go bhféadfaí go molfar leasuithe ar mhíreanna éagsúla tar éis dúinn sainscrúdú a dhéanamh air, measaim go sásóidh sé pobal na Gaeilge i gcoitinne ach é a bheith achtaithe agus tosaithe ar bheith curtha i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

"Bhí seacht mór-éileamh ag Conradh na Gaeilge le haghaidh na reachtaíochta seo agus an t-aon cheann díobh nach bhfuil soláthar ann dó i mBille na dTeangacha Oifigiúla ná ár mian go gceapfaí 'Ombudsman na Gaeilge' chun déileáil le gearáin a thiocfadh go díreach ón bpobal féin.

"Ceapfar Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla le cumhachtaí láidre faoin reachtaíocht seo agus fáiltím ach go háirithe roimhe sin mar go mbeidh an Coimisinéir seo neamhspleách i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna atá leagtha amach.

READ MORE

"Leagann an reachtaíocht seo dualgas ar leith ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir lena fheidhmiú.

"Tá sé den riachtanas, mar sin, go gceapfar duine ceart, éifeachtach a bhfuil labhairt na Gaeilge aige nó aici, maille le tuiscint ar a tábhacht do thodhcaí an náisiúin agus leis an dúnghaois leis an reachtaíocht a thiomáint ar aghaidh go fuinniúil...

"Ní mór anois do phobal na Gaeilge, mar chéad chéim, áfach, é a chur mar aidhm romhainn go n-áireoidh an chéad rialtas eile Bille na dTeangacha Oifigiúla ar a chlár-reachtaíochta tosaigh le go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana seo."