Bí trócaireach

OS CIONN €250 milliún a bhailigh muintir na hÉireann lena gcuid bocsaí Thrócaire thar 40 bliain, a dúirt stiúrthóir na carthanachta…

OS CIONN €250 milliún a bhailigh muintir na hÉireann lena gcuid bocsaí Thrócaire thar 40 bliain, a dúirt stiúrthóir na carthanachta, Justin Kilcullen an tseachtain seo caite. Bailíonn bocsaí an Charghais €10 milliún ar an mheán gach bliain. Mar sin féin, 50,000 duine sa lá – staidiam lán Aviva – a bhí á gcailleadh de bharr bochtanais, a dúirt sé.

Rinne mná 66 faoin gcéad d’obair an domhain ach níor shaothraigh siad ach 10 faoin gcéad den ioncam agus 1 faoin gcéad den mhaoin.

Is minic cosc ar mhná talamh a cheannach, bíodh is gurb iad atá á shaothrú. Bhí ceacht le foghlaim as stair na hÉireann, a dúirt sé, agus talamh faoi smacht ag dornán beag tiarnaí talún. D’impigh sé ar dhaoine tacaíocht a thabhairt don fheachtas reatha agus cuidiú le pobail ceartas a bhaint amach: “Le chéile, tig linn cúrsaí a fheabhsú.”

Eolas: www.trocaire.org