Beart is briathar

Beocheist: Má théid focail le gaoith, tá oíche dhorcha na gaoithe móire buailte leis an Tuaisceart

Beocheist: Má théid focail le gaoith, tá oíche dhorcha na gaoithe móire buailte leis an Tuaisceart. Mí-úsáid fhocal, míthuiscint fhocal, dallamullóg foclach, easpa focal áirithe agus focal gan chur leis a chríochnaigh an iarracht is deireanaí le réiteach a fháil idir Sinn Féin agus Páirtí Aontachtaithe Uladh.

Muidne, muintir na hÉireann ar fad, atá thíos leis an ngeamaireacht mhíghreannmhar seo. Daoine gan údarás ionadaíochta, cuid mhaith, atá ag scríobh an script agus níl neart ag beirt phríomhairí tofa na Breataine agus na hÉireann air sin. Is é sin an margadh a rinneadh agus caithfear cloí leis.

Íoróin an scéil gurb é an Ginearál John de Chastelain an t-aon duine amháin a d'úsáid cruinneas agus cliniciúlacht teanga agus gur crochadh é dá bharr. Níor chóir aon locht a fháil ar an nGinearál gur inis a chuma thuirseach níos mó dúinn faoi scála na hoibre a bhí curtha i gcrích aige ná mar a d'inis sé féin. Bhí an fabht tuisceana ann sular labhair de Chastelain. Téann sé siar go dtí na cainteanna idir an dá pháirtí agus an damhsa aisteach thart ar chruinneas teanga a rinneadh ag an am.

Chomh fada siar leis an séú lá den mhí seo, bhí Gerry Moriarty, Eagarthóir Tuaisceartach an nuachtáin seo, ag tuairisciú go mbeadh béim ar leith ag aontachtaithe ar an chéad bhabhta díchoimisúnaithe eile. Scríobh sé: "Because there was such little detail ... about the last two IRA acts of disarmament, unionists were highly sceptical about the extent of the decommissioning."

READ MORE

Sa bpíosa sin, tá léargas luath ar cad é a bhí á iarraidh ag na haontachtaithe chun iad a shásamh. Tá sé ráite ag David Trimble gur dhúirt seisean níos mó ná uair amháin le Martin McGuinness agus le Gerry Adams gan a gcuid ama a chur amú ar ghníomh díchoimisiúnaithe eile dá mba rud é nach raibh siad chun soiléireacht níos mó a cheadú do John de Chastelain.

An freagra a bhí ag Martin McGuinness air sin ná nach raibh Sinn Féin "immune to the arguments that are being made". Cén chiall a bhí leis sin? An úsáidfeadh McGuinness ina ghnáthchaint é? "Are you going for a pint?" "Well, I'm not immune to the suggestion."

An t-aon chúis go mbeadh duine chomh débhríoch seo ná go bhfuil siad féin éiginnte faoin bhfáilte a chuirfí roimh na hargóintí seo.

Maidir le Trimble é féin, b'fhéidir gurbh fhearr dá mba rud é nár dhúirt sé le comhdháil a pháirtí nach raibh sé ag iarraidh go mbeadh "every jot and tittle" curtha i gcrích ag poblachtaigh. Fiú tar éis na tubaiste, ní fhéadfadh sé a rá linn cá mhéad mionsonra a bhí uaidh. Ach is léir ón iarracht a rinne sé sceitheadóir a dhéanamh as an bpríomhaire Blair go dteastaíonn líon agus cineál na n-arm a fháil amach agus meastúchán ar chéatadán den iomlán atá ann.

Más fíor gur mhínigh sé do McGuinness agus d'Adams suas lena bpus go díreach agus go mion cén sórt faisnéise a bhí uaidh, níl ach léamh amháin ar an toradh: is é sin gur shocraigh an tIRA ar chineál ginearálta na n-arm a scaoileadh agus gan tada eile. Rith an Dáma Trimble ón ardán agus é le ceangal!

Tá an tríú gníomh den ngeamaireacht thart anois ach samhlaígí an chéad cheann eile: Áit: Preas-seomra Oifig Thuaisceart Éireann. Seastán agus miocrafón. Tuairisceoirí plódaithe isteach ann. Isteach le: John de Chastelain (tar éis dianchúrsa drámaíochta a chríochnú faoi stiúir Sior Anthony Hopkins).

"Dia daoibh, tá brón orm faoin gcuma ghiobalach atá orm ach chaith mé seachtain iomlán faoi thalamh ag comhaireamh airm agus seo liosta den ábhar ata curtha ó mhaith: 20 diúracán Sam; 15 diúracán Tomahawk; ocht dtanc Chameleon; 300 scaoilteoir roicéad; 400 moirtéar; 180 meaisínghunna trom; 5,515 raidhfil Kalashnikov; 4,800 gunna láimhe; céad tonna Semtex; 40 meaisínghunna Thompson; 40 raidhfil Lee-Enfield; naoi ngunna Parabellum faoin lipéad "Educational Supplies, St. Enda's, Rathfarnham"; 300 tonna geiligníte agus an seoladh "Manchain" orthu; 500 gunna cloch thine; 200 muscaed; 400 claíomh; ceithre chanóin; 300 píce cludaithe i dtuí agus an seoladh "Mr Emmet, Dawson St" orthu; 300 sciath agus cultacha armtha; 10 gclogad Normánach; 300 bogha agus 4,000 saighead; 300 sleá; 40 tua; ocht gclogad Lochlannacha agus blaosc Lochlannaigh fós i gceann amháin acu; dhá charbad; cúig chlaíomh La Tene agus raon arm as an Chré-Umhaois. Anois aon cheisteanna?"

Guth ón gcúl: "An dóigh leat go bhfuil iomlán airm an IRA faighte agat?"

An Ginearál: "Níl cead agam é sin a rá."