Bainisteoir de dhíth

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lár-chomhairle phobal na Gaeilge, ar lorg Bainisteora do chumarsáid chorparáideach

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lár-chomhairle phobal na Gaeilge, ar lorg Bainisteora do chumarsáid chorparáideach. Beidh an té a cheapfar freagrach as:

  • forbairt agus feidhmiú plean comhtháite cumarsáide i bhfoirm straitéis caidrimh phoiblí agus caidrimh meán a bheidh intomhaiste agus ag teacht le haidhmeanna na heagraíochta;
  • feachtais mhargaíochta agus eolais a leagan amach agus a chomhordú.

Conradh dhá bhliain atá i gceist agus beidh tuarastal idir €40,000 agus €50,000 ar fáil. Caithfidh iarrthóirí a gcuid CVanna a sheoladh chuig Adelaide Nic Chárthaigh faoin Aoine 11ú Meitheamh, 2004. Eolas: 01-6794780 nó www.gaelport.com