Bain triail as

Is é an Dochtúir A.J

Is é an Dochtúir A.J. Hughes a bhunaigh Clólann Bheann Mhadagáin anuraidh le leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine fásta a bhí ag foghlaim na Gaeilge agus do dhaoine atá ag plé leis an oideachas lánGhaeilge.

Tá toradh a chuid oibre le fáil anois - Bunchomhrá Gaeilge (EURO 20) agus Trialacha Tuigbheála (EURO 37) do mheán agus d'ardranganna.

Tá dlúthdhioscaí ag dul leis na leabhair. Cainteoirí dúchais a léann na téacsanna, rud a chuideoidh leis an fhoghlaimeoir fuaimeanna na teanga a thabhairt leis.

Díríonn Bunchomhrá Gaeilge ar an fhoghlaimeoir agus cuirtear béim ar chomhrá laethúil agus ar theanga phraiticiúil. Tá 113 de phíosaí comhrá (agus aistriúcháin Bhéarla) sa leabhar agus déantar cur síos ar an duine, an cúlra, sláinte, caitheamh aimsire, srl.

READ MORE

Is é is cuspóir le Trialacha Tuigbheála deis a thabhairt don fhoghlaimeoir cur lena chuid Gaeilge, í a fhorbairt trí léitheoireacht agus trí cheisteanna a fhreagairt agus cur lena stóras focal. Díríonn an leabhar go sonrach ar shaol na cathrach agus an bhaile mhóir.

Tá 20 bliain de thaithí ag Hughes ar theagasc na Gaeilge agus é aitheanta mar scoláire i léann na teanga. Faoi láthair, tá sé ina chomhordnóir ar chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh Bhéal Feirste. Eolas: www.benmadiganpress.com nó bmp@benmadiganpress.com