'Bagraíonn an forthéamh domhanda an tsibhialtacht'

IS ANNAMH a chuireann údar ar bith a leabhar i láthair an phobail agus "brón" air as

IS ANNAMH a chuireann údar ar bith a leabhar i láthair an phobail agus "brón" air as. Ach sin mar a mhothaíonn an t-eolaí, an tOllamh Matt Hussey, atá i ndiaidh An Forthéamh Domhanda(Coiscéim, €7.50) a scríobh; b'fhearr leis nach mbeadh cúis ar bith aige leabhar ar an ábhar tromchúiseach a scríobh ar chor ar bith.

Dúirt sé go raibh sé brónach gur ghá dó an leabhar a chur "os comhair an phobail agus, thar aon dream eile, os comhair na hóige neamhchiontaí, neamhfhreagraí".

Mar sin féin, a dúirt sé, ní raibh éalú ar an fhírinne shearbh. Chreid Hussey gur "gábh fhadsaolach mhéadaíoch uiledhomhanda atá sa bhforthéamh domhanda agus san athrú aeráide atá ag tarlú mar thoradh air".

Níorbh áibhéil a rá gur bagairt a bhí san fhorthéamh domhanda do "leibhéal sibhialtachta agus cultúir atá bainte amach le mílaoiseanna".

READ MORE

Is é atá ar siúl aige sa leabhar "cur síos imlíneach" ar na próisis fhisiceacha agus cheimiceacha atá taobh thiar den fhorthéamh agus a dtarlaíonn dá bharr.

Ba iad gníomhartha an chine dhaonna féin a bhí freagach as an fheiniméan agus ní bheadh "maolú nó réiteach" ar chúrsaí go dtí go gcuirfeadh daoine deireadh leis "na gníomhartha díobhálacha" a bhí ar bun.

Ba ghá gníomhú go práinneach ar an cheist, a dúirt sé, nó is ar chrann na ndaoine óga a thitfeadh sé cúiteamh a dhéanamh as an scrios a bhí ar siúl faoi láthair. Is é téis Hussey gurb ann don teicneolaíocht leis an chontúirt a mhaolú "ar a laghad" thar am: "Ach is Odaisé a beidh ann. Is gá luí isteach ar an obair ar fud an domhain díreach anois agus fanacht go daingean dúthrachtach léi go críoch."

Dúirt Hussey gurbh é a mhian "daoine a mhealladh i dtreo na heolaíochta. Tá sé deacair suim a mhúscailt san eolaíocht agus is deacra arís é i nGaeilge".

Is é a dhóchas go gceannóidh daoine an leabhar, go léifidh siad é agus go scaipfidh siad a scéal. Ba mhaith leis go ndéanfadh daoine machnamh ar a bhfuil ann agus go n-iarrfadh siad ar an aos pholaitiúil "treoir fhadtéarmach fhóinteach" a thabhairt ar an cheist.

Is é Cópanhágan 2009 an chéad iarracht mhór eile idirnáisiúnta le dréachtchonradh nua ar chúrsaí aeráide a shocrú. Scríobhann Hussey sa leabhar: "Muna ndeisíonn an dréachtchonradh nua laigí dhréachtchonradh Kyoto agus spriocanna dochta dosheachanta a chur i bhfeidhm, ba bheag ab fhiú é agus beidh gábh an cheaptha teasa is an fhorthéimh dhomhanda dulta in olcas.

"Muna gcomhlíonann rialtais an domhain na gealltanais a dheineann siad i gCópanhágan, agus na príomhgheilleagair ach go háirithe, níl aon dabht ach go mbeidh domhan ár gcine thíos go mór leis."