Athnuachan

Is é an Dochtúir Caoimhín Mac Giolla Léith a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain san oíche amárach ag 8 p.m

Is é an Dochtúir Caoimhín Mac Giolla Léith a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain san oíche amárach ag 8 p.m. in Ionad Tionsclaíochta Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield.

"Athnuachan na Filíochta" teideal a chainte agus díreoidh sé ar ghnéithe den athnuachan ar acmhainní na filíochta atá curtha i gcrích ag nuafhilí.

Is é téis Mhic Giolla Léith go gcuireann an fhilíocht chomhaimseartha "ceisteanna bunúsacha faoi shaoirse agus cead cainte agus faoi theipeanna cumarsáide araon, faoi dhualgas an fhile labhairt amach agus faoin tost a bhíonn de shíor ag bagairt".