Athmhúnlú na hÉireann agus bás teanga

BEOCHEIST: ÉIRE AGUS an Ghaeilge in uachtar inti arís díreach mar a bhíodh? Cé mhéad duine, go háirithe i measc lucht na staire…

BEOCHEIST:ÉIRE AGUS an Ghaeilge in uachtar inti arís díreach mar a bhíodh? Cé mhéad duine, go háirithe i measc lucht na staire agus lucht na Gaeilge, nach ndearna iarracht a leithéid a shamhlú?

Bíonn tuairim rómánsúil ag cuid mhór daoine faoin tréimhse roimh imeacht na nIarlaí. Go minic, is fís í atá bunaithe ar chumha na bhfilí comhaimseartha agus lucht léinn na tíre atá tugtha anuas dúinn. I leagan seo na samhlaíochta, bíonn clanna Gael mar a bheadh cine sona sásta iontu, cine atá istigh léi féin. Saol simplí tréadach na tuaithe a bhíonn acu faoi phátrúntacht ríthe cineálta áitiúla a bhíonn fial flaithiúil leo.

Bhuel, tá cuid den bhfís sin fíor. Ach má fhágaimid an bholscaireacht ar leataoibh, níor chine beag compordach gealgháireach cosúil leis na Hobbits i Lord of the Ringsa bhí ionainn. Saol crua faoi réimeas na dtaoiseach dúchasach a bhíodh ag an gcosmhuintir mar is iadsan a chuireadh an mhaoin ar fáil chun íoc as stíl bheatha a gcuid tiarnaí. Is astusan fosta a bhaintí le brú fórsa, na fir óga a throideadh ina gcuid cogaí. In aineoinn caointe na bhfilí, caithfidh gur bhain cuid den gcosmhuintir chéanna sásamh rúnda éigin as titim na n-uasal dúchasch nuair a tháinig cumhacht níos mó chun múineadh a chur orthu.

Ach do na daoine atá fiosrach faoin dtréimhse chinniúnach réamhphlandála sin nuair a athraíodh achan rud ó bhun go barr, ba dheacair an leabhar nua Reshaping Ireland 1550-1700le Brian Mac Cuarta a shárú. Is bailiúchán aistí atá ann le saineolaithe ar ghnéithe den gcaoi ar thug réimeas Shasana faoina chéad choilíneacht a bhunú anseo, tionscnamh a leag bunchloch na himpireachta móire a bhí le teacht. Léirítear gur fhág an turgnamh coilíneachta sin múnla a úsáideadh arís agus arís eile i Meiriceá agus sna tíortha éagsúla inar leag arm Shasana cos ionraidh.

READ MORE

Ó thaobh na teanga de, is oscailt súl iad cuid de na haistí seo. Is deacair anois tír a shamhlú ina labhraíonn mionlach an-bheag an Béarla agus gurb í an Ghaeilge amháin atá ag tromlach na ndaoine. Bhíodh roinnt Béarla ag cuid de na taoisigh ach is i Laidin is mó a dhéanadh siad cumarsáid le cúirt rí Shasana agus a hoifigigh. Bhíodh ar na hardoifigigh chéanna ateangairí a fhostú chun labhairt leis na ceannairí clainne.

In aiste le Bernadette Cunningham sa leabhar nua seo, tugann sí tuairisc le Richard Stanihurst sna 1570í faoi fhreagra a fuair sé nuair a d’fhiafraigh sé cén fáth gur dhiúltaigh Shane O’Neill Béarla a labhairt: “What (quoth the other) in a rage. Thinkest thou that it standeth with O Neile his honor to writh his mouth in clattering English?”

D’aithin na gníomhairí Sasanacha is éirimiúla láithreach go raibh fadhb mhór acu san iarracht greim scornaigh a fháil ar an tír fad is a bhí an Ghaeilge ina balla cultúrtha. Ach chun meon na namhad a thuiscint agus chun cos isteach a fháil ar chor ar bith, bhí ar na gníomhairí sin an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá cur síos sa leabhar ar dhuine amháin acu sin, Captain Thomas Lee ag John McGurk. Saighdiúir gairmiúil as Buckinghamshire a bhí ar thóir saibhris agus post státúil a bhí i Lee. Bhí páirt mhór aige i gcur faoi chois éirí amach Aoidh Mhig Uidhir i bhFear Manach. Ach cúis amháin gur mhór le réimeas Shasana é ná gur chuir sé de stró air féin an Ghaeilge a fhoghlaim agus, mar sin, bhí caidreamh iontach aige le tiarnaí Uladh.

B’fhéidir gurb é an sampla is fearr den aicme fhiontraithe seo ná Matthew de Renzy (de bhunadh Iodálach) a rugadh sa nGearmáin agus a tháinig go hÉirinn gan pinghin ina phóca. De réir na haiste le Brian Mac Cuarta é féin, bhí de Renzy cleachtaithe ar mhórán teangacha a labhairt. Ach ní amháin gur fhoghlaim an fear ábalta seo Gaeilge ach rinne sé a chúrsa le clann chlúiteach bhardach Mhic Bhruaideadha.

Chuir sé aithne ar litríocht ársa agus ar léann na Gaeilge freisin, rud a thug léargas an-chruinn dó ar mheon na nGael. Ghlac sé aitheantas Gaelach chuige féin agus é i measc literataí na nGael, an leagan Gaeilge dá ainm “Mathghamhain O Rensi” san áireamh.

B’fhiú dóibh siúd atá ag iarraidh cearta lucht na Gaeilge sa dlí a bhaint amach cuid de na haistí seo a léamh. D’fhostaítí ateangairí agus aistritheoirí go forleathan agus bhíodh siad ar fáil go réidh sna cúirteanna. Bhíodh ateangairí fostaithe freisin ag ionadaithe arda an rí in Éirinn chun déileáil le gnó an lae. Sea, a Choimisinéir Teanga, cuimhnigh air seo... faoi réimeas Sasanach sna 1570í!

- Tá Reshaping Irelandle Brian Mac Cuarta, SJ, foilsithe ag Four Courts Press