Ar shli na firinne

Fuair Proinsias Mac Aonghusa, iriseoir agus craoltoir, bas i mBaile Atha Cliath De Domhnaigh; bhi se 70 bliain d'aois.

Fuair Proinsias Mac Aonghusa, iriseoir agus craoltoir, bas i mBaile Atha Cliath De Domhnaigh; bhi se 70 bliain d'aois.

Dúirt urlabhraí thar ceann Chonradh na Gaeilge gur "cailliúint ollmhór" a bhí ann don Chonradh, phobal na Gaeltachta agus don náisiún Gaelach: "Is boichte iriseoireacht agus craoltóireacht na Gaeilge dá uireasa. Is laige an tráchtaireacht agus an anailís ar chúrsaí polaitíochta agus ar chúrsaí cultúrtha na hÉireann guth sainiúil, neamhspleách, dúshlánach Phroinsias bheith ar lár. Braithfimid uainn a uaisleacht, a éirim aigne, a acmhainn grinn, a chairdeas agus a dhea-chomhluadar, chomh maith lena thréithe cumais go léir."

Dúirt urlabhraí thar ceann Fhoras na Gaeilge gur "pollta trom iad ár gcroíthe ag bás ár gcarad, Proinsias Mac Aonghusa. Is beag Éireannach lenár linn a chaith an oiread díograise ar son leas cultúrtha agus ealaíonta na tíre seo le Prionsias, mar iriseoir, mar chraoltóir, mar riarthóir, mar fhear éirime is físe agus mar chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge.

"Go deimhin bhí tréimhse chathaoirleachta Phroinsias sna 1990í luatha ar na tréimhsí ba rathúla agus b'fhorásaí i stair an Bhoird. Má bhí féith na hoibre ann, bhí féith an ghrinn agus na cuideachta ann chomh tréan céanna.

READ MORE

"Má bhí sé fadradharcach, uileghabhálach mar dhuine, ní dhearna sé dearmad riamh ar a dhúchas Conamarach, rud a thoill idir mheas agus ghean air ó íseal agus uasal."

Bhain Mac Aonghusa clú agus cáil amach dó féin mar chraoltóir raidió agus teilifíse agus mar iriseoir nuachtáin.

Amach óna chuid iriseoireachta, bhí sé ina uachtarán ag Conradh na Gaeilge; ina chathaoirleach ag Bord na Gaeilge agus ina bhall den Chomhairle Ealaíon.

Maireann a bhean Catherine agus a bpáistí, Caitríona, Dónall agus Diarmaid.