An mbraitheann tú neamhiomlán ar chuma éigin?

TUARASCÁIL: AN mBRAITHEANN tú neamhiomlán ar chuma éigin? Bhraitheas-sa mar sin ar feadh i bhfad.

TUARASCÁIL:AN mBRAITHEANN tú neamhiomlán ar chuma éigin? Bhraitheas-sa mar sin ar feadh i bhfad.

An mothú sin, a bheith neamhiomlán, is é sin a chomáineann daoine áirithe i dtreo na n-ealaíon, nó i dtreo na spioradáltachta, i dtreo na heachtraíochta, i dtreo an taistil – i dtreo na hiomláine.

D’fhéadfadh go spreagfadh mothú seo na neamhiomláine duine i dtreo na Gaeilge chomh maith, is é sin le rá go mbraithfeá saghas neamhiomlán i d’Éireannach mura mbeadh an Ghaeilge agat.

Maith ann é mar mhothú mar sin má spreagtar daoine chun brí níos iomláine a bhaint as an saol agus an pictiúr iomlán a fheiceáil. Ar ndóigh, d’fhéadfadh an mothú seo daoine a chur i dtreonna eile, i dtreo drugaí agus modhanna chun éalú uait féin, ón bhfolús a bhraitheann tú a bheith ionat. Nach fíor?

READ MORE

Mothú seo na neamhiomláine, rud an-daonna is ea é. Is é a spreagann sinn chun caidreamh a dhéanamh le daoine eile; lánúineacha grámhara, d’fhéadfá a rá go n-iomlánaíonn siad a chéile. Tá dán ag Hemant Divate, file as Mumbai, mar gheall ar phictiúr neamhchríochnaithe agus is mar seo a thosaíonn sé:

Tá an péintéir á lorg agam

An té a d’fhág an pictiúr seo neamhiomlán

Is dán spéisiúil é. Samhlaíonn Hemant go bhfuil an pictiúr ag feitheamh leis an bpéintéir chun é a chríochnú agus is mar seo a chuireann sé deireadh lena dhán:

Bheadh eagla orm

Go mbeinnse mar sin

Neamhiomlán

D’fhéadfadh mothú seo na neamhiomláine a bheith chomh dona sin go mbraithfeadh duine ina ghéarchéim féinaithne é. Sagart abair, a cheisteodh a ghairm.

Tarlaíonn sé. Tharla sé don sagart John Main (1926 -1982). D’fhág sé a ord sagartachta, bhain Baile Átha Cliath amach, áit a raibh a mhuintir ag an am, agus dhein staidéar ar an dlí i gColáiste na Tríonóide. As go brách leis ansin agus thosaigh ag obair do na Briotanaigh in Kuala Lumpur. Cé a casadh ansin air ach iógaí mór le rá Swami Satyananda (1923-2008), duine de naoimh mhóra na hIndia a thaistil an domhan (Éire san áireamh) agus an iomláine á teagasc aige.

Ní mantra Indiach a thug Swami Satyananda do John Main, áfach, ach mantra a d’oir dá chreideamh mar Chríostaí. Chuaigh Main leis na Beinidictigh ansin, ord a mheallann daoine a dtéann cultúr na hIndia i bhfeidhm orthu, Bede Griffiths agus Henri le Saux cuir i gcás.

Mhol Main do dhaoine a mbeadh iomláine uathu ina saol, an mantra MARANATHA a rá – ceithre shiolla is iad ar comhbhéim agus na siollaí sin a aithris go ciúin duit féin is tú i do Thost, mantra a chiallaíonn “Tar, a Thiarna” i dteanga Chríost, an Aramais.

Déan dhá uair sa lá é, 20 nóiméad ar maidin agus 20 nóiméad arís um thráthnóna, do shúile dúnta is tú suite go díreach agus ar do chompord.

Ná smaoinigh ar aon ní ar leith: dírigh ar an mantra, sin uile. Má thagann smaointe, tagadh: fill ar an mantra.

Tá an cleachtadh tarchéimnitheach sin an-chosúil le TM, ar ndóigh. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ina thaobh seo, is féidir cainteanna áille le John Main a chloisteáil ar an suíomh idirlín www.johnmain.org

Míníonn Main sna cainteanna séimhe sin conas a chabhraíonn an mantra linn chun an Tost a aimsiú, conas an mantra a rá sa tslí go bhfréamhaítear ionainn é i gceann na haimsire.

Tugann an mantra chun an Tosta sinn agus sa Tost atá an t-iomlán. Ní hé go raibh éinne againn riamh neamhiomlán sa chéad áit – níl ann ach nár aithníomar ár n-iomláine.

Tá ár n-iomláine láimh linn ach ligean di bláthú ionainn, anois is go brách. Más ag praeitseáil atáimse anois (agus is ea) is amhlaidh atáim ag súil go n-éistfidh mé liom féin.

Ní éistimid linn féin. Ní fháiltímid roimh an Tost. Moltar leigheasanna éagsúla ar na fadhbanna go léir a bhaineann le hÉirinn agus leis an domhan mór trí chéile, cloistear ar an raidió gach lá iad, ach is ag cur le callán an tsaoil a bhímid go minic seachas á laghdú.

Níl a fhios againn cad is Tost ann mar níl sa saol ina mairimid ach gleo is gleoisíneacht ó dhubh go dubh. Cíor thuathail, istigh is amuigh. Tíoránaigh is bithiúnaigh an domhain, an bhfuil siad ag éisteacht leo féin, an bhfuil siad ag éisteacht leis an gcruinne?

Is léir ó bheith ag éisteacht le cainteanna eolacha John Main go raibh an-chur amach aige ar an traidisiún Giúdach agus ar thaidisiúin spioradálta na Críostaíochta, Thoir is Thiar. As an ngaineamhlach a tháinig an mantra MARANATHA chugainn, siollaí ársa a théann siar go ré na nAspal.

Níl a fhios agam an raibh mórán cur amach ag Main ar chráifeacht na nGael nó an raibh éinne i gColáiste na Tríonóide a thabharfadh eolas do ina thaobh sin nuair a d’fhill sé ar an áit ina léachtóir ar feadh tamaill.

TÁ AN Ghaeilge breac le cráifeoga mar is eol dúinn, agus saghas mantra is ea an chráifeog Ghaelach; níl aon amhras ina thaobh sin.

Nuair a mhúchadar an choinneal ag dul a chodladh dóibh istoíche is é a deireadh an seandream: “Nár mhúcha Dia solas na bhFlaitheas orainn!”

Is mantra nó cráifeog aoibhinn é sin. Tá na céadta againn díobh mar oidhreacht agus níos mó cumhachta acu ná mar atá ag an gCoimisinéir Teanga, bail air.

As saol mantrach a fáisceadh ár sinsir romhainn. Dá réir sin (agus táim ag cuimhneamh anois ar mo sheanmháthair agus ar dhaoine comhaimseartha léi ar thaobh mo mháthar de), bhí siad in ann maireachtáil leis an Tost.

Ní raibh trup is callán uathu de shíor. Chífeá an Tost sin ina n-iompar.

Deir Main go molann Íosa dúinn an Tost sin, an áit rúnda sin ionainn féin a bhaint amach (Matha 6.5): “Nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin...”

Agus aimsigh an Tost.

An Tost a bhraithfeá ar bhruach an Gainséise is é an Tost céanna é ar bhruach na Bóinne. Níl ann ach an Tost. Gan teorainn. Botún is ea é an Tost a lipéadú, Tost an Bhúdachais, Tost an Hiondúchais, Tost na Críostaíochta agus mar sin de.

Is é an Tost céanna i do chroí istigh é. Tá sé in am agamsa anois a bheith i mo Thost agus ligean do dhaoine eile cogar a chur i do chluas:

* “Tá an Tost chomh domhain leis an tSíoraíocht, an chaint chomh héadomhain leis an Am.” (Thomas Carlyle).

* “Is é is brí le Tost ná gan smaoineamh ar bith ag éirí as an aigne. Gan smaoineamh ar bith ag éirí as an aigne, sin is brí le Tost.” (Papaji)

* “De réir thraidisiún an iarthair agus an oirthir araon, tá an tost riachtanach má tá daoine chun teacht chun cinn. Baintear dínn é ag meaisíní a dhéanann aithris ar dhaoine.

* “D’fhéadfadh go mbeimis ag brath níos mó is níos mó ar mheaisíní chun labhairt agus chun smaoineamh ar ár son, faoi mar atáimid cheana féin ag brath ar mheaisíní ó thaobh chúrsaí iompair de.” (Ivan Illich).

* “Is binn béal ina thost.” (Seanfhocal).

Ar na leabhair is déanaí ón údar tá an pictiúrleabhar An tOllamh Gorm (Cló Mhaigh Eo) agus an t-úrscéal bleachtaireachta My Head is Missing