Ag ramhru soir

Crobhingne: Anois teacht an tsamhraidh beidh na coirp ag dul chun síneadh ar gach trá ar an gCosta del Sol agus ar gach Costa…

Crobhingne: Anois teacht an tsamhraidh beidh na coirp ag dul chun síneadh ar gach trá ar an gCosta del Sol agus ar gach Costa de chraiceann is de ghaineamh idir deisceart na Spáinne agus casadh na hEorpa.

Beidh seandéithe na gréine á n-adhradh arís ag cailleachaí agus ag buachaillí an airgid lastuaidh den mheánmhuir agus laistiar de chuas Iskenderun.

Agus idir an dá linn tá an sorcas bailithe leis abhaile tá breis agus seachtain ó shin ann, a gcuid puball fillte acu. Naoi dteanga nua agus iad ag casadh le díocas d'fhonn an rud céanna a rá go slíobtha. An státaicme ag borradh is ag at le poimp is le huabhar.

Athrú mór suaitheantasach é gan aon agó. Cóiriú nua polaitiúil daonlathach san áit a mbíodh impireachtaí lofa hapsbugarach agus ottomanach agus cumannach. Guth pobalach san áit a mbíodh reacht ríogúil. Ní féidir nach cúis ghairdis é sin.

READ MORE

B'aoibhinn an chóisir ar na sráideanna i measc na gcos. Oireann na sráideanna don rince ag an gcrosbhóthar, don cheol ar ghruaibhín na héirí slí, don damhsa seit-up, do chleasaí tricidí lúib. Ní fhágann san nár bhain mé súp as, mar is ann dó le bolgam a bhaint as, an té a gheobhadh.

Agus gheobhaidh ár gcairde anoir a gcandam féin den dea-shaol, gach rath orthu. An méid díobh nár cuireadh abhaile an mhí seo caite, ar ndóigh, na díbeartaigh bhochta as Éirinn. Beidh caoi acu ar theacht ar ais, ach na prátaí dubha a dhíol agus a bheith beo ar mhin bhuí idir seo is siúd. Iad siúd a bhí ag rince ar bhóithre coicíos ó shin, ní móide gur ina gcodladh orthu a bheidh siad an tseachtain seo.

Cuid de na tíortha ar fháiltíomar rompu tá seantraidisiún míleata na hEorpa sealbhaithe cheana acu, sula bhfaigheann siad euro amháin sa chiste. D'éalaigh siad ó fháscadh iarainn an chumannachais tá deich mbliana ó shin agus seo leo d'aon ráig amháin ag imirt cluiche an ghabháltais in aghaidh daoine bochta na Meiseapatáime. Is mear mar a chasann an roth. Ní féidir nach bhfuil tuiscint don íoróin in áit éigin lastoir den tseanteorainn.

Tar éis don tSóivéid Aontaithe scrios a dhéanamh ar an bPolainn thugadh siad sólás dá chéile gur tháinig na Rúisigh chucu ar son saoirse a thabhairt dóibh agus "mar chairde". Mar adúirt an fear eile in Vársá: "Nach maith nár tháinig siad anseo mar naimhde!" Insítear an scéal céanna anois in Falluja.

Is rómhaith a thuigimid iad, mar tá siad róchosúil linn féin.

Léigh Seamus Heaney dán álainn "Beacons at Bealtaine" ag an seamburaí, dán lánsolais, lándóchais mar is dual dó, agus mar ba dhual don ócáid: "A phoenix flames upon fionnuisce here."

Ach is mó sin lasair eile a bhladhm aníos as craosghríobh na hEorpa. Tinte agus lasracha is ábhar, leis, do dhán iontach úd "Bisearta" leis an bhfile Albanach Deòrsa Mac Iain Deòrsa agus é ag trácht ar sheanchleas úd chultúr na hEorpa cathracha a leagadh ón aer, agus an tseancheist riamh: "Cé anocht a íocas/seanchíos coiteann na fola gnáí?"

Cé anocht go deimhin sna háiteanna sin a bhfuil airm na hEorpa ag cur na hoíche trí thine? Mar ná bíodh aon phioc dá amhras orainn: tá béist na hEorpa fós beo.

Is é atá déanta againn ná na bacaigh agus lucht déirce a bhí lasmuigh den dún a ligean isteach, agus an dún a dhaingniú dá réir. Tá siad siúd breá sásta a bheith istigh, mar tá sé fuar, fuar lasmuigh. Agus táimidne sásta iad a bheith istigh mar oibreoidh siad go dian ar cheinteanna beaga suaracha agus coinneoidh siad daoine is lú gean ná iad amach.

Is de shuimiúlacht go bhfuilimid ag síneadh soir an t-am ar fad. Ach 20 míle laisteas d'Algeciras tá ilchríoch eile ar fad, é níos giorra dhúinn go mór ná an domhan toir. Ní chloisim aon chaint ar an Eoraip a leathnú sa treo sin, ar chúis éigin. Tá margadh mór dubh ann, agus ceol breá, agus lucht oibre fairsing le fáil. Ní "newcomers" Seamus Heaney iad is eagal liom, "with their gift of tongues past each frontier".

Ní fhágann san nach dtagann siad, áfach. Tagann siad ar raftaí, agus ar chleiteoga, agus ar choití, agus ar naomhóga agus síneann siad ar an trá ar an Chosta del Sol i lár na hoíche istigh nuair nach mbíonn an ghrian ag scalladh. Bíonn cuid acu fós ar an trá nuair a thagann na turasóirí amach, ach ní bhíonn cor astu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar