Iarsmaí den seansaol i dtaisce

Má tá cuma neamhthorthúil, dhearóil agus chreagach, ar Bhoirinn, is a mhalairt atá fíor.

Foclóir: Feanntach - bitter; feannta - severe; á cháitheadh - being sprayed; coscairt - thaw; meirgeach - irritable; Cill Fhionnúrach - Kilfenora; boireann - rocky country/kast; dúiche - land/area; aduain - strange/unfamiliar; dealbh gharbhshnoite - rough statue; dearóil - bleak; caiseal - stone fort; tuama dingeach - wedge tomb; imigéiniúil - distant.

”An eol duit cá bhfuil ionad turasóireachta Bhoirne?” a d’fhiafraigh an Meiriceánach agus í ag síneadh a muineál trí fhuinneog leathoscailte an chairr.

“Tá sé rófhuar agus rófhliuch don tsiúlóid,” a dúirt sí.

Bhí an fuacht feanntach agus dubhnéalta ísle ag ionradh na dúiche.

READ MORE

Bhí bhur gcolúnaí agus a chomrádaithe ina seasamh ar imeall Pháirc Náisiúnta Bhoirne, áit a rabhadar chun tús a chur le siúlóid an lae.

Satharn i dtús an Mhárta a bhí ann, ach ba gheall le tráthnóna geimhridh é. Bhí sé fuar feannta, an ghaoth ag éirí de dhroim shneachta na gcnoc agus an sneachta sin á cháitheadh, ach ní raibh aon chalóg ag titim san áit a rabhamar agus de bharr choscairt an lae sin ba bheag a bhí fágtha ar an talamh in aice linn.

“Márta meirgeach gaofar crua” a deir an rann agus d’fhéadfá a rá nach bhfuil aon fhocal bréige ann. Lá coscartha an tsneachta an lá is fuaire ar bith!

“Tá foirgneamh siar an bóthar i gCill Fhionnúrach agus cuma iarsmalainne air ach seans gur dúnta atá sé ag an am seo den bhliain,” a tugadh mar fhreagra ar cheist an Mheiriceánaigh.

Ghabh sí buíochas, chas an carr, agus bhailigh sí féin agus a cara leo le deabhadh go Cill Fhionnúrach, mar a rabhadar ag súil leis an teas, agus an cupán tae.

Tá cáil dhomhanda ar bhoireann Chontae an Chláir. Áit chreagach é boireann agus is as a eascraíonn an logainm Boirinn. Ach ní i gContae an Chláir amháin atá an logainm sin le fáil. Tá baile fearainn a bhfuil an t-ainm Boireann nó Boirinn air le fáil i seacht nó ocht gcontae — An Dún, An Cabhán, Maigh Eo, Lú, Corcaigh ina measc - agus tá níos mó ná boireann amháin i gcuid acu sin.

Ach tá cáil ar leith ar bhoireann an Chláir i ngeall ar a méid, a háilleacht agus go leor tosca eile a bhaineann le bláthanna, luibheanna, feithidí agus ainmhithe chomh maith, dar ndóigh, le hiarsmaí ó aoiseanna atá imigéiniúil anois inár gcuimhne.

Is ann atá an tírdhreach aolchloiche is mó san Eoraip. Síneann an ceantar ársa seo ó thuaisceart an chontae ó dheas go Dúlainn agus Aillte an Mhothair san iarthar. Seans freisin gur chuid de atá le feiceáil in Árainn.

Meallann an dúiche aduain, na pluaiseanna san Aill Bhuí, agus radhairc eile na mílte cuairteoir gach bliain ach cé gur chasamar ar na Meiriceánaigh an mhaidin sin, ní thiocfaidh na sluaite go dtí go mbeidh sé ina shamhradh.

Ach ní inniu ná inné a tháinig cuairteoirí chuig an láthair den chéad uair agus is eol dúinn go raibh daoine ag cur fúthu ann na mílte bliain ó shin. Agus ní daoine amháin a bhí ann san anallód ach ainmhithe ar nós mathúna nach bhfuil in Éirinn le 2,500 bliain nó mar sin. Níos faide anall, tuairiscíodh go ndúirt Edmund Ludlow, gíománach agus suirbhéir de chuid Chromail, gur thírdhreach fíochmhar a bhí ann, “gan a dhóthain uisce ann chun duine a bhá, ná crann le duine a chrochadh air, ná ithir a dhóthain chun é a adhlacadh.”

I measc na n-iontas a mheallann cuairteoirí an lae inniu tá cromleaca ar nós Pholl na Brón agus thart ar ochtó tuama dingeach eile sa cheantar.

Tagann iarsmaí nua chun solais ó am go chéile. Tháinig seandálaithe ar chnámharlach daonna roinnt blianta ó shin agus iad ag tochailt ar láthair thuama dingeach Pháirc na Binne. Ceaptar gur san Iarannaois a cuireadh an corp agus mar íobairt a dúnmharaíodh an diabhal bocht.

Tá carraigeacha ag gobadh aníos anseo agus ansiúd - gach ceann acu mar a bheadh dealbh gharbhshnoite ann, iad greanta le haois, leis an ngaoth, agus leis an mbáisteach.

Bhí an talamh ina phuiteach ach dá airde a shiúlamar sea ba mhó sneachta a bhí ann agus sea ba dheacra a bhí sé orainn siúl.

Ní raibh duine ná deoraí ann ach muid féin. Seachas an ghaoth, ní raibh rud ar bith le cloisteáil. Bhí an saol mór faoi chiúnas.

Don siúlóir seo ba iad na ballaí na gnéithe ba shuntasaí an lá sin. Rian d’fheirmeacha agus fianaise ar dhiongbháilteacht na ndaoine a mhair anseo sna blianta atá thart - iarsmaí den seansaol i dtaisce. Nuair a scrúdaítear na clocha seo, iad leagtha go cúramach in aghaidh a chéile, ag síneadh ó thaobh go taobh agus iad i mullach a chéile mar a bheadh míreanna mearaí ársa ann, bíonn sé deacair gan smaoineamh ar an saol agus ar an dream a tháinig romhainn.

Má tá cuma neamhthorthúil, dhearóil agus chreagach ar Bhoirinn, is a mhalairt atá fíor. Gnáthóg shaibhir aolchloiche, ina bhfásann plandaí Artacha agus plandaí Meánmhuirí le hais a chéile, atá ann. Éiceachóras casta. Cé nach bhfaca an siúlóir seo iad an babhta seo, tá broic, cait crainn, sionnaigh, ioraí rua, lucha agus dallóga fraoigh ina gcónaí ann.

Shroicheamar dún Chathair Chomáin, caiseal ag a bhfuil trí chlaí cloiche cosanta ollmhóra aige. Ceaptar gur san ochtú céad AD a tógadh an dún seo agus chuirfeadh an leagan amach atá air Dún Aonghasa ar Inis Mór i gcuimhne. Sheasamar ansin ar bhruach aille agus radharc againn ar altán cúng ag bun na haille agus ar chríocha a bhí ina n-ábhar achrainn tráth dá raibh.

Ar nós go leor eile, braitheann an tsiúlóid in Éirinn ar an aimsir agus chun luach saothair a fháil, deirtear gur cheart don siúlóir an t-am ceart den bhliain a roghnú chun tabhairt faoin bhfánaíocht.

Bhí orainn filleadh ar an mbaile an lá sin gan an turas a chríochnú. Bhí sneachta ar thalamh na gcnoc agus i ngeall ar na clasáin agus scoilteanna doimhne i measc na gcloch a bheith folaithe ag an sneachta bhí sé róbhaolach leanúint orainn.

Áit fhiánta scartha, aduain, álainn atá i mBoirinn agus fillfear arís lá samhraidh éigin.

Beidh sí faoi bhláth agus beidh na ballaí fós ina seasamh, ach meas tú an mbeidh an suaimhneas céanna ann?

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.