An Nollaig ar feadh na bliana

Chuaigh monabhar tríd an gcruinniú

Bhí baile ann uair amháin i dtír áirithe nach féidir a ainmniú ach b’fhéidir go n-aithneofaí é. Ba ghnách leo gan soilse na Nollag a lasadh go dtí tosach na míosa sin. Thug siad faoi deara áfach go raibh bailte eile lámh leo siúd agus chromaidis ar chomóradh na Nollag uair éigin i lár na Samhna.

Chuir sé buairt éigin ar bhurgairí agus ar aos trádála an bhaile. Tionóladh cruinniú. Tháinig na cócairí agus na coinnleoirí, na búistéirí agus lucht díolta bréagán, na siopaí a dhíoladh leabhair uair amháin sa bhliain nuair a bhí bronntanais ag teastáil ó dhaoine nár léigh leabhair riamh, na súdairí a raibh cnoic de mhálaí úrnua réidh ullamh, cumann na gcrann Nollag, comhdháil aos déanta soilse sráide, siopadóirí gréibhlí beaga agus áilleagáin mhóra, gan trácht ar dhornán de bhoird soláthair leictreachais a mbíodh súlach lena mbéal anonn go dtí na bainc.

‘Féach,’ arsa fear a raibh siopa mór bábóg aige, ‘ní foláir dúinn rud éigin a dhéanamh mar gheall ar seo. Caithfimid a bheith cothrom le dáta.’

‘An ceart agat,’ arsa bean a raibh na cúráin ba mhilse boladh ceannaithe isteach aici ó Pháras aici ar son éileamh an tséasúir. ‘Tá de dhualgas orainn ár slí bheatha a chosaint.’

READ MORE

‘Molaim go gcuirfimís tús leis an Nollaig ag deireadh na Samhna,’ arsa fear a raibh lánleoraí de bháiblíní plaisteacha aige nárbh fholáir dó iad a dhíol.

‘Mhúinfeadh sin ceacht dóibh,’ arsa fear an tsiopa leabhar toisc lástas de dhírbheathaisnéisí lucht spóirt a bheith díreach foilsithe agus is iad a bhí lán de phictiúir dheasa.

‘Ní dóigh liom go bhfuil sin maith go leor.’ Giolla de chuid soláthróir leictreachais a labhair: ‘Sa chás sin, bheimis ar aon dul leo, leis na bailte atá lámh linn anseo. Ach ba chóir dúinn a bheith níos fearr. Cad mar gheall ar tosnú oíche Shamhna?’

Chuaigh monabhar tríd an gcruinniú.

‘An bhfuil a fhios agat, sin smaoineamh den scoth. Rísmaoineamh. Smaoineamh siopadóra!’ Shílfeá gur labhair siad ar fad d’aon ghuth.

Ach bíonn ar a laghad aon ruifíneach amháin i lúb gach cruinnithe. Duine beag feosaí a bhí tráth ina mhéara ar an mbaile agus é fós amuigh air go raibh sé uaillmhianach, b’é a chuir fad leis an bplé.

‘Beidh na sluaite amuigh cheana aimsir oíche Shamhna,’ ar seisean, ‘agus beimid in iomaíocht le lucht díolta taibhsí, cnámharlaigh, chailleacha fadingneacha agus puimcíní. Ba cheart teacht rompu. Molaim go láidir go rachaimis siar go deireadh an fhómhair.’

‘Bullaí fir,’ tháinig an guth ó bhun an tseomra. ‘Nár laga Dia tú!’ ó dhuine éigin eile. ‘Beidh suathadh agus scleondar ag dul tar éis saoire an tsamhraidh, sin an t-am le tosnú! Tugtar dóibh a bhfuil uathu!’

‘Táimid aontaithe ar Mheán Fómhair, mar sin, le haghaidh tús a chur le séasúr na Nollag,’ arsa an cathaoirleach, agus é ar tí vóta a lorg.

‘Agus is ea, beidh go leor daoine ag triall ar na cluichí craoibhe agus a leithéid a bhíonn againn an mhí sin, déanfaidh sin ár leas.’

‘Tá na cluichí sin curtha ar aghaidh go dtí mí Lúnasa anois,’ a chualathas.

‘Ní hea, is i mí Iúil atá siad le bliain anuas.’

‘B’fhearr mí an Mheithimh. Ceannaítear nithe nach bhfuil ag teastáil.’

‘Lá Bealtaine!

‘Lá na nAmadán san Aibreán. Sin í an uair a scarfaidh daoine lena gcuid maoine.’

‘Lá ‘le Pádraig. Beidh an deoch istigh is na sparáin amuigh.’

‘Imbolc féin, an bolg ag caint, is tar éis na Féil’ Bríde bíonn an brabús ag dul chun síneadh.’

‘Cad faoi Nollaig na mBan féin? … agus airgead fós gan chaitheamh…’

Agus is mar sin a tharlaíonn go bhfuil Nollaig na siopadóirí ann gach lá den bhliain.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar