Teastas bronnta ar fhostaithte san earnáil phoiblí

Molann an Coimisinéir Teanga Gaelchultúr

Bhronn an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) ar bhreis is 50 fostaí de chuid na hearnála poiblí ar ócáid a d’eagraigh Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Dúirt an coimisinéir nárbh fhiú “domsa ná d’aon duine eile a bheith ag caint ar chearta teanga mura bhfuil an t-infreastruchtúr teanga ann chun feidhm a thabhairt do na cearta sin, agus tá an t-infreastruchtúr sin á chur ar fáil anois ag Gaelchultúr. Is ceannródaithe iad Gaelchultúr i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge agus tá rian a ngairmiúlachta le sonrú ar an gcúrsa seo, an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil”.

Is sainchúrsa é an TGG atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí agus a thugann deis dóibh sainteanga a fhoghlaim a bhaineann go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht atá aitheanta ag QQI a bhaint amach. Cuirfear tús leis an chéad chúrsa eile de chuid an TGG i mí Mheán Fómhair.