Súil eile an chuntasóra

Fuar atá tuairisc nua i luachanna cultúrtha TG4 agus RnaG

Bhí teachtaireacht neamhbhalbh do RnaG agus TG4 le sonrú san Athbhreithniú Cúig Bliana ar an gCraoltóireacht Phoiblí a d’fhoilsigh an tAire Cumarsáide Pat Rabbitte an tseachtain seo caite – ná bíodh sibhse ag smaoineamh go bhfuil aon ní speisialta fúibhse mar níl éinne slán ón sceanairt seo is cuma cé mhéid míle bliain atá a dteanga á labhairt.

D’fhéadfaí iarracht a dhéanamh an teachtaireacht a mhíniú.

Mar sin féin, is í fírinne ghéar an scéil í ná go bhfuil sprionlaitheoirí Éire na Déine anois ar leac an dorais ag na meáin chraolta Ghaeilge agus gan mórán fonn orthu a bheith ag cur agus ag cúiteamh faoi thábhacht chultúrtha na teanga.

Ní spéis leis na boic seo ach an “bhunlíne” agus níl cuma róshláintiúil ar an mbunlíne sin i gcás RnaG nó TG4.

READ MORE

An comhlacht cuntasóireachta agus comhairleoireachta Crowe Horwath a rinne an t-athbhreithniú d’Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) agus tá glactha ag an Rialtas agus an BAI le cuid mhaith dá bhfuil ann.

Deir suíomh idirlín Crowe Horwath linn go bhfuil ar a gcumas “commercially driven solutions” a sholáthar.

Anois, dá fheabhas é Máirtín Tom Sheáinín mar chraoltóir, is beag seans go mbeadh a mheascán sainiúil den chaint agus den seanchas ar Ardtráthnóna chun tosaigh in aon "commercially driven solution".

Deir an t-athbhreithniú gur sciar 0.6 faoin gcéad den mhargadh éisteachta atá ag RnaG.

Agus an bhunlíne atá ag na cuntasóirí?: “RTÉ Radio 1 costs just over three times as much as Raidió na Gaeltachta, but has an audience share which is 39 times higher.”

Go hachomair, tá dhá smaoineamh maidir le RnaG luaite san athbhreithniú – go ndéanfaí an tseirbhís, nó cuid di, a chraoladh mar “opt-out” ar stáisiún raidió eile nó go ndéanfaí RnaG a chónascadh go hiomlán le TG4.

Is cinnte go mbeidh na moltaí sin á phlé ag NewEra, an áisíneacht Stáit ar iarr an Rialtas orthu an tseachtain seo caite scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas RTÉ ag áireamh “the manner in which it delivers Irish language radio services”.

Tá NewEra freagrach, i measc rudaí eile, as comhtháthú a dhéanamh idir áisíneachtaí Stáit ar mhaithe le hairgead a shábháil.

Tá baill foirne in RnaG ag déanamh imní le bliain anuas faoin bplean a seirbhís nuachta a chónascadh le seirbhís nuachta TG4/RTÉ, ach d’fhéadfadh go bhfágfaidh a bhfuil ag teacht ó NewEra cuma chogadh na mbó maol ar an raic áirithe sin.

Maidir le TG4 féin is beag dea-scéal atá san athbhreithniú dóibh.

Cé gur léir ón dtaighde san athbhreithniú go bhfuil meas ag an bpobal ar an stáisiún, ní bhíonn ar an meán ag TG4 ach timpeall dó faoin gcéad den lucht féachana, agus sin le cabhair na gcláracha Béarla agus na bhfotheideal.

De réir an athbhreithnithe, níor fhéach os cionn leath den phobal riamh ar chlár ar TG4.

Ina fhreagra ar mholtaí Crowe Horwath, dúirt an BAI: “TG4’s audience share could be described as somewhat precarious.”

D’aontaigh an BAI agus an Rialtas araon leis na comhairleoirí go raibh laigí suntasacha i bplean cúig bliana TG4 chun a seirbhís a fhorbairt agus chun cur lena lucht féachana.

Beidh ar an stáisiún plean nua a ullmhú in áit a straitéis “all or nothing” a bhí ag brath rómhór ar bhreis maoinithe a fháil, dar leis na comhairleoirí.

Tá cosaint réasúnta maith tugtha do mhaoiniú TG4 le roinnt blianta anuas ach is léir nach féidir leis an stáisiún talamh slán a dhéanamh de gurb amhlaidh a bheidh sna blianta amach romhainn.

Ba é tuairim an BAI agus Crowe Horwath ná go gcaithfí plean nua a cheapadh ar bhonn airgeadais níos “réadúla”.

Tá dúshláin eile roimh TG4 chomh maith agus é ráite san athbhreithniú nach bhfuil an céatadán de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag féachaint ar an stáisiún puinn níos airde ná an céatadán de Bhéarlóirí a bhíonn ag faire air.

Ní foláir nó go bhfuil lúb ar lár áit éigin i gcur chuige an chraoltóra Ghaeilge nuair a chaitheann an BAI a rá leo teacht ar phlean nua a mheallfadh tuilleadh cainteoirí Gaeilge.

Bhain TG4 neamhpleáchas amach ó RTÉ thiar i 2007 agus ní róshásta a bheidh siad ach an oiread go bhfuil an BAI den tuairim gur chun leas an stáisiúin a bheadh sé féachaint ar chaidreamh níos dlúithe le RTÉ a bhunú.

Ach ar a laghad is faoi TG4 féin atá sé fós teacht aníos le plean nua.

I gcás RnaG, beidh a bhfuil i ndán don stáisiún feasta ag brath, a bheag nó a mhór, ar mholtaí NewEra, dream, déarfainn, nach éisteoirí rialta iad le hArdtráthnóna.

Caithfear an tseanargóint a dhéanamh arís mar sin – ní féidir luach a chur ar theanga! Ní foláir an fód a sheasamh in athuair i gcoinne na gcreachadóirí cultúrtha agus na gcuntasóirí fuarchúiseacha.

Ach ba chóir do TG4 agus RnaG féin súil fhuarchúiseach a chaitheamh ar a seirbhísí chomh maith chun a chinntiú nach bhfuil siad ag tabhairt tuilleadh misnigh do na sprionlaitheoirí atá ar leac an dorais acu.

Mar ní fada go mbeidh siad gafa thar thairseach isteach ag réabadh an tí.