Ór agus aighneas

Ní shamhlófá an Klondike le forbairtí i ndomhan an fhaisin


Sraith dhátheangach is ea An Klondike atá á thaispeáint ar TG4 i mbliana, ina labhraíonn carachtair Éireannacha Gaeilge lena chéile agus Béarla leis na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh.

Tá cáil ar an Klondike, ceantar a mheall breis is 100,000 duine idir 1896 agus 1899, agus clasaiceach Gaeilge a bhaineann leis an tréimhse sin is ea Rotha Mór an tSaoil, leis an Ultach Micí Mac Gabhann.

Cé gur thángthas ar na taiscí saibhre óir sin ar leaba abhann an Yukon sa Klondike in 1896, chiallaigh iargúltacht an réigiúin agus an aimsir gheimhridh mhillteanach idir leac oighir is sioc crua, gur thóg sé tamall sular tháinig an scéal os comhair an phobail. Nuair a foilsíodh tuarascálacha i nuachtáin Seattle agus San Francisco an bhliain dár gcionn chuathas le bánaí ar fud na tíre.

Chaith na mílte daoine a bpost i dtraipisí agus thug aghaidh ar chríocha garbha an Klondike le dul i mbun tochailte.

READ MORE

Turas maslach ab ea an turas go dtí an Klondike áfach agus níor éirigh ach leis na daoine ba dhiongbháilte agus b’uaillmhianaí é a chur díobh.

Samhradh na bliana 1898, shroich na chéad taiscéalaithe an Klondike ina mílte. Ní hionann agus sna scannáin go minic, mar a chuirtear ina luí orainn go mba bhochtáin agus imircigh formhór mór na dtaiscéalaithe óir, ba dhaoine meánaicmeacha a raibh de chumas acu dul sa seans iad líon mór eachtránaithe agus lucht fiontraíochta a thaistil ann.

Chinntigh rialacha a chuir na húdaráis i gCeanada i bhfeidhm go mba ghá go mbeadh ar a laghad 1,000 dollar (suim nach beag ag an am sin) nó a luach sin i mbia ag chuile thaiscéalaí ionas nach gcaillfí leis an ocras iad fad an turais bhrúidiúil chéanna. Cé gur thóg tuairim is 100,000 duine an bóthar chun an Klondike orthu féin meastar nár éirigh ach le ach 30,000 an ceann scríbe a bhaint amach sa deireadh. Maítear gur tháinig thart ar 4,000 duine ar ór de chineál éigin ina dhiaidh sin.

Bhí dúshláin mhóra ag baint leis an ór a bhaint ón talamh reoite agus ní hionann agus mar a chuaigh an aeráid uafásach fuar i bhfeidhm orthu go léir. Fuair cuid mhór daoine bás sa sneachta. Mar chuid lárnach den mhiotas leathrómánsach a tháinig chun cinn le himeacht aimsire, insíodh gur fir amháin a chuir fúthu sa Klondike sna blianta sin, rud nach bhfuil aon bhunús leis. Mná a bhí sa deichiú cuid de na daoine a d’oibrigh sa réigiún sin agus níor lucht halla damhsa agus lucht scléipe (“good-time gals”) cuid mhór acu ach an oiread.

Díol spéise gurbh iad na mná céanna a scríobh na cuimhní cinn agus na mionchuntais ba spéisiúla agus ab fhírinní ar an saol mar a bhí sa Klondike i ndáiríre sna blianta sin, leithéidí Laura Berton a bhunaigh a cuimhní cinn ar an tréimhse a chaith sí ag obair mar mhúinteoir i mbaile beag iargúlta sa Klondike.

Ní shamhlófá an Klondike le forbairtí i ndomhan an fhaisin seans, ach is léir anois go raibh mná áirithe ann a chabhraigh chun cor nua a chur i gcúrsaí faisin na mban agus a chuir athruithe i gcrích ionas go raibh deis ag mná éadaí níos compordaí a chaitheamh seachas mar a bhí sa ré Victeoiriach.

Carachtar cáiliúil, darbh ainm “Klondike Kate,” banríon rinceoirí na hallaí damhsa, más fíor, a chaith treabhsar den chéad uair, chun an dallamullóg a chur ar na Mounties nuair a bhíodar ag cur cosc ar mhná turas báid a dhéanamh thar na mearchaisí go baile Whitehorse; ní léi féin a bhí sí ó thaobh forbairtí faisin de ach an oiread. Deirtear go raibh Nellie Cashman, imirceach mná go Meiriceá as Éirinn ar na chéad mná a chaith bristí freisin, í tiomanta ar ionad tochailte an óir a bhaint amach di féin. Leis an ionad oibre a bhaint amach gan chosc, bhí ar Nellie gléasadh mar fhear is léir. Nuair a chuala iriseoirí na linne faoi chleas seo an Éireannaigh, b’iad a bhí tógtha leis an scéal.

Gné amháin de scéal an Klondike nár tháinig athrú mór air thar na blianta is ea an ról suntasach a d’imir na meáin chumarsáide sa scéal agus mar ar spreag siad na mílte daoine chun an fuadar óir a leanúint.

Dála an lae inniu áfach, níorbh fhada gur tháinig scéal nua chun cinn sna meáin agus seanscéal ab ea scéal an Klondike gan mhoill.

Tuairiscíodh gur thángthas ar thaiscí óir luachmhara in Nome in Alasca sa bhliain 1899. Bhí fuadar óir nua ar na bacáin agus thug na mílte daoine aghaidh ar Alasca, dóchas ina gcroí.