Onesy abú – nó an dóigh cheart le teacht slán as féiltí ceoil

Is trua go bhfuil muid ag fágáil slán leis an Samhradh, ach tugann sé deis dúinn súil a chaitheamh siar ar thréimhse na bhféiltí agus rud nó dhó a fhoghlaim aisti.

Is é an ceacht is luachmhaire ná tábhacht an ullmhúcháin, a scríobhann Louise McCreesh.

Ag féiltí ceoil mar shampla, sileann na sluaite isteach sna suíomhanna campála, málaí móra trealaimh á n-iompar acu. Cé go bhfuil roinnt rudaí riachtanach – puball, fo-éadaí uiscedhíonacha, buataisí rubair, seampú tirim (sea, riachtanach a dúirt mé) – bíonn daoine ann i gcónaí a dhéanann neamhaird den seicliosta.

Cosúil le teanga a fhoghlaim roimh thuras thar lear, b’fhiú béasaíocht na bpuball nó “tent-etiquette” a sheiceáil roimh na féiltí.

READ MORE

Mar shampla, cruthaítear gach grúpa de chairde ciorcal beag leis na pubaill go dtí go mbíonn na dorais ag amharc amach ar spás beag sa lár, áit a bhfeidhmíonn mar sheomra suí.

Ach is cosúil nach mbíonn gach duine ar an eolas faoi na rialacha neamhráite mar ar theacht abhaile do roinnt mhaith daoine, is minic go bhfeictear puball beag coimhthíoch greamaithe sa talamh ag tógáil spáis an tseomra suí agus ag scriosadh an spraoi.

Tá ceacht eile le foghlaim ansin – bí réidh d’ábhar iontais.

Fanann bagairt na
fearthainne go ciúin os cionn na féile an t-am ar fad, in Éirinn cá bith, agus caithfear plean cúltaca a bheith agat, bíodh poncho nó hata i gceist.

B'fhearr le daoine eile feisteas féile iomlán
neamhphraicticiúil a chaitheamh áfach agus is cosúil go raibh an-ráth ar an "onesy" i mbliana.

Má bhíonn ullmhúchán agus pleanáil le déanamh roimh fhéile, is amhlaidh atá fíor lena linn.

Cé nach bhfuil mórán maithe sa “onesy” chun an t-ainmhí inmheánach a choinneáil tirim, tá ciall ag na “onesitheoirí” mar is léir gur culaith bhreá smuglála í.

Bíonn cosc ar alcól a thabhairt isteach go hionad na bhféiltí den chuid is mó agus bíonn cleasanna smuglála dochreidte in úsáid chun dallamullóg a chur ar lucht slándála.

Is í an iarracht is
greannmhaire dá bhfaca mé i mbliana, ná fear a chaith buidéal alcóil thar na geataí chuig a chara ag an taobh eile, amhail is go raibh sé ag déanamh aithrise ar Fatima Whitbread.

Ar ndóigh, ní sleá a bhí inti agus nuair a bhuail an buideál an talamh, phléasc sé agus fuair a chara cith in ionad dí – an t-aon chith den deireadh seachtaine sin b’fhéidir.

Bhí eispéireas iomlán difriúil agam oíche Shathairn ag BBC Proms in the Park i mBéal Feirste agus
Ceolfhoireann Uladh ag seinm, ceol draíochtúil clasaiceach ag líonadh an aeir thar Slipeanna Titanic.

Slua i bhfad níos siosmaidí agus níos sine ná lucht na bhféiltí ceoil a bhí ann.

Ach, má tá ceacht le foghlaim faoi ullmhúchán do cheolchoirm amuigh faoin spéir, ag na Proms a gheobhfá é.

Bhí cathaoireacha cearta campála ag an lucht freastail, boscaí fíona, slisíní torthaí ar phlátaí, paté, cáis agus briosca fiú, sin uilig agus na fo-éadaí a tháinig amach nuair a thit an teas san oíche.

Mhothaigh mé féin mar amaitéarach ina gcuideachta le mo chupán beag tae a cheannaigh mé.

Ach beidh mé ullmhaithe an chéad uair eile.

Is cuma cén sórt picnice a chuireann tú i ndialann na bliana seo chugainn, a fhad is go bhfuil an ciseán cuí agat, beidh tú i gceart.