Múscailt an taibhse

Ní foláir an tsibhialtacht a chur siar le stoc an ghunna, nó le soc an eitleáin nó le buamaí ón aer

Agus cheapamar go raibh sé imithe den stáitse. Shíleamar go raibh a phuball ardaithe aige fadó, go raibh go leor pinginí agus yen agus lek aige sa bhanc, agus le cúnamh na ndéithe uile go raibh sé chun glas a choimeád ar a bhéal.

Ach is é an gob is leithne is deacra a dhúnadh, mar adeir an nuafhocal, agus níor bhréagnaigh sé é, an Blár Cogaidh, an Tony Blair. D’oscail sé a ghob ag an am is míthráthúla ar bith á áiteamh ar an domhan gur cheart d’Arm na Breataine fanacht san Afganastáin. Agus toisc gur chaith sé dossier amhrastúil leis an bhfrása ‘cogaí síoraí’ a luaigh Joe Biden, ní féidir gan tuiscint as ach go bhfuil sé go mór ar son na gcogaí síoraí céanna.

Bíodh a fhianaise sin ar na cogaí ar léim sé féin isteach iontu le croí maith mór, le hardú meanman agus le hola ar a chroí. Chuir se Arm na Banríona chun cogaidh níos minice ná aon phríomhaire eile de chuid a thíre riamh! Nach ndéarfá gur rud ábhalmhór ann féin ba ea é sin?

Is é seo an duine céanna a mhaígh breis agus scór bliain ó shin go raibh sé de dhualgas ar thíortha an Iarthair, an Bhreatain go príomha, dul isteach i dtír ar bith chun cearta daonna a chur i bhfeidhm! Caithfear béasa a mhúineadh do na tráillphobail i gcónaí! Ualach an duine ghil. Ní foláir an tsibhialtacht a chur siar le stoc an ghunna, nó le soc an eitleáin nó le buamaí ón aer.

READ MORE

Níl aon duine abhus nár mhian leis go mbeadh cúinsí beatha agus cearta saoránachta mar atá againne scaipthe níos fairsinge ar fud an domhain. Cearta oideachais, vótála, tithíochta, easpa ocrais, cead imeachta, córais sláinte, dóthain uisce do chách agus tuilleadh tharstu. Agus is beag duine nár mhian leis go dtarlódh sin láithreach, go prap, anois, ar ala na huaire, gan mhoill.

Ach ní tharlóidh sin a choíche ná go deo le marú agus le gabháltas. Nár dhóigh leat go mbeadh an méidín beag suarach sin féin foghlamtha faoi seo?

Ach iontas níos iontaí ná iontais fós, chuir John Bruton go tréan in aghaidh Blair in aiste uaidh san Newsletter. Dúirt sé nach raibh ciall ar bith le ‘cogaí síoraí’ agus má bhíothas le cur i gcoinne imeachta na Breataine agus na Stát Aontaithe gur chóir go gcuirfí é sin in iúl go láidir Feabhra 2020 nuair a chéadfhógraíodh é go neamhbhalbh le séala agus le síniú. An ndúirt an Blár Cogaidh rud ar bith an t-am sin, fiafraíonn sé?

Níl aon amhras ná gur cheart go bpleanáilfí an cúlú seacht míle uair níos fearr. Ba chóir dóibh ullmhú láithreach chuige an túisce is a socraíodh an bheart. Ach ní dual don arm a dhéanann ionsaí gan phlean imeacht go ciallmhar

Is í tubaist dhiachrach an scéil é go raibh dul chun cinn áirithe á dhéanamh maidir le cearta ban agus oideachais faoi rialtas Phoblacht Dhaonlathach na hAfganastáine 1978-92. Ach bhí blas Cumannach air sin agus b’éigean do na Meiriceánaigh tacaíocht a thabhairt do na fundaimintigh mujahidíniúla a shíolraigh, a thuismigh is a shaolaigh an Talaban.

Och, och, níl cead againn é sin a mheabhrú.

Má tá leisce ort aon rud a léamh nó a fhoghlaim faoi seo, féach arís ar an scannán ‘Charlie Wilson’s War’. Tá sé ar fad ansin, an té a d’fhéachfadh i gceart air. Bolscaireacht ghlan Mheiriceánach atá ann, gan amhras, ach is ann atá an speach.

Má théann tú chun cogaidh níl a fhios agat cad é a chríoch ná a dheireadh thall.

Ní raibh poll coinín cró chogaidh fuilteach riamh ar dhiúltaigh an Blár Cogaidh léim isteach ann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar