Leabhar nua le Micheál Ó Conghaile le seoladh

Scéalta do ‘ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh’

Seolfar cnuasach nua scéalta, Diabhlaíocht Dé (Cló Iar-Chonnacht, €12) le Micheál Ó Conghaile i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, san oíche amárach ag 7.30pm.

Is mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhéal Feirste a bheidh an ócáid.

“Meascán den draíocht agus den réaltacht” atá sna scéalta, scéalta a bhfuil “blas an Bhíobla ar chuid acu agus a bhfuil aithne againn ar chuid de na carachtair cheana féin, leithéidí Lazarus agsu Iúdás Iscariot”.

Mar sin féin, gealltar go mbainfidh “ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe astu”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times