Forógraí na Cásca

Is róchuma le daoine faoi Fhorógra na Cásca


Níl sé ar fad thart fós, tá’s agat, an chaint agus an comóradh seo timpeall ar an gCáisc.

Ní fiú tráithnín ná brobh féin imeachtaí na seachtaine cheana suas is anuas lena mbeidh ar siúl an bhliain seo chugainn, gan amhras. Má tá tú bréan bailithe cheana féin beidh tú dú dóite ar ball, agus má tá tinn tuirseach anois beidh do bholg ina chíréib nuair a thiocfaidh a dtiocfaidh má thagann.

Chun a gceart a thabhairt do chách, deineadh iarracht ar phlé a dhéanamh ar cad ba bhrí leis an suathadh; agus conas a tharla gur leagadh Baile Átha Cliath fadó mar a leagadh Groisní nó Felluja lenár linn féin.

Bhain an chuid ab fhearr den phlé le Forógra úd na Poblachta a léadh os comhair Ard-Oifig an Phoist. Sea, an ceann sin a luann cothromaíocht do chách agus comh-mheas a bheith ar chlainn uile na tíre (bíodh nach ndeir sé rud ar bith faoin oileán).

READ MORE

Sleamnaítear amach anois is arís é nuair nach bhfuil eagla ar pholaiteoirí idéalachas beag éigin a chaitheamh isteach sa mhaistreadh agus gur dócha nach ndéanfaidh madraí na sráide nó bodairí na críche sclamhairt orthu.

An Rialtas féin, tá ag iarraidh ar dhaltaí scoile forógra nua a cheapadh. Muran drochsmaoineamh ar fad é, b’fhéidir nach mbeidh coinne acu le focail ar amhrán de chuid Na Vamps, nó pé dream a bheidh thuas an bhliain seo chugainn.

D’iarr an nuachtán seo ar dhaoine éagsúla forógra nua a cheapadh. Bhí a bhformhór ar fheabhas, fág go raibh ba éagsúla le cur thar abhainn, agus uiscí le tarraingt chun muilte dá gcuid féin acu.

Ba dheacair cur in aghaidh ceann ar bith díobh. Bhí an friotal go cruinn, is na hidéil go huasal, is gach sprioc deasaithe go líofa. Luadh ceannasacht agus caoine agus carthanacht agus cruthaitheacht.

Inspioráid, leis, agus tinfeadh, agus onóir do gach traidisiún, mar adéarfá. Moladh meas ar chearta polaitíochta agus ar an ngátar a bhí le cúinsí ábhartha a bhacfadh ar shaoránaigh lánpháirt a ghlacadh a éascú.

Cuireadh os ard nár cheart go mbeadh eagla ar shaoránaigh lúitéis agus ceann faoi a dhéanamh i gcás duine ar bith. Maíodh arís, agus arís, agus ina dhiaidh sin arís eile gur cheart go mbeadh smacht ag muintir na hÉireann ar thalamh agus ar mhaoin na tíre.

Luadh arís agus arís eile nithe gaofara mar gheall ar chearta bunúsacha, fundamainteacha, fuaimintiúla, agus ar neartú féiniúlachta, agus meas ar oidhreacht agus ar gach saghas shaighte eile mar iad.

Is iad atá go hálainn, agus go haoibhinn, agus go solasmhar, agus go sochla; ach ní chreideann duine ar bith focal díobh.

Ní chreideann duine ar bith iad, mar ní hiad sin atá ag teastáil uathu.

Níl cearta do chách, ná cothromaíocht, ná dínit don uile, ná daonnacht chomhionann, ná meas ar éagsúlacht, ná cúinsí ábhartha réasúnta, ná séanadh foréigin, ná diúltú don umhlaíocht lúitéiseach, ná tuiscint don oidhreacht luachmhar, ná urraim a bheith ar Éirinn i measc thíortha an domhain, ná tugthacht don timpeallacht mar luachanna ag formhór phobal na hÉireann mar chlocha ar na paidríní is troime dá gcuid.

Is róchuma le daoine faoi Fhorógra na Cásca agus is rófhorchuma leo faoi fhorógra ar bith eile.

Is é nach cuma leo a seasamh féin, an aicme ar díobh iad, na páistí nach mian leo go dteagmhódh páistí eile leo, an seoladh poist, na héadaí deasa a chaitheann siad, an faisean intleachtúil atá thuas, an scoil phríobháideach is galánta, an leabhar is déanaí atá á léamh ag cách, an clár teilifíse nach bhfaca siad, praghas an tí atá acu, praghas an tí atá ag duine eile, cad deir eagarfhocal an Irish Times, cad é an scéal is déanaí faoi mo dhuine agus Kate, cad é príomhscéal HelloGoodbye, praghas an euro in aghaidh steirling, cad dúradh ar Joe Duffy, téamh na cruinne ach cad is féidir a dhéanamh mar gheall air mar ní bhaineann sé linn faoi láthair, airgead na mbaincéirí ach sin an córas agus ní féidir a athrú, na daoine sin atá san aon aicme leo fad is atá siad beagán níos fearr as ná iad.

Is é is cás go síoraí leo iad féin amháin atá maith go leor as agus ná bítear dá mbuaireamh timpeall ar chothromaíocht agus ar chearta daonna agus an stuif sin ar fad.

Ba mhacánta go mór forógra a thosnódh: “A dhaoine saibhre na hÉireann, agus sibhse a shantaíonn a bheith saibhir, in ainm an airgid agus na maoine atá againn agus nach scaoilfimid le duine ar bith eile, gairmimis chugainn féin ár gcuid leithleachais agus ár gcuid aicmíochta…”